Teodailít

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Leica Geosystems, teodailít nua-aimseartha

Is é is teodailít ann ná ionstraim optúil suirbhéireachta chun rinnuillinneacha, agus níos tábhachtaí, uillinneacha cothrománacha a thomhas. Teileascóp beag atá ann le téada damháin alla, inghluaiste thar scálaí ciorclacha grádaithe, ceann amháin cothrománach is an ceann eile ingearach. Gléasta de ghnáth ar sheastán cothrománach tríchosach seasmhach.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Teodailít". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 658.