Teirmianaic

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Staidéar ar na próisis a bhaineann le hastaíocht theirmianach, is é sin astaíocht leictreon ó dhromchla miotail nuair a théitear an miotal sin. De ghnáth d'fhillfeadh na leictreoin seo ar an dromchla, ach i bhfeistí cosúil le feadáin theirmianacha is leictreonghunnaí (mar atá sa luascóp ga-chatóideach nó an feadán teilifíse) aomtar na leictreoin chun siúil le hanóid dhearfach chun léas áisiúil leictreon a chruthú. Thomas Edison a d'fhionn an iarmhairt seo i 1883.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Teirmianaic". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 656.