Teirmeachlaonas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An doimhneacht sa bhfarraige ag a laghdaíonn an teocht go tapa. I gcuid mhaith den aigéan agus ar fud na dtrópaicí, tarlaíonn an teirmeachlaonas buan ag timpeall 100 m thíos. Tá sé seo díreach faoi bhun an chisil dhromchlaigh a dhéanann an ghaoth is an t-uisce a mheascadh, áit a bhféadfaidh an teocht a bheith chomh hard le 28 °C. Is féidir go sínfidh an teirmeachlaonas chuig doimhneacht 1 km nó níos mó, mar a bhféadfaidh an teocht a bheith chomh híseal le 2 °C. I réigiúin de na haigéin, san Atlantach thuaidh mar shampla, is féidir go ndéanfaidh téamh séasúrach teirmeachlaonas séasúrach (neamhbhuan) éadomhain os cionn an teirmeachlaonais bhuain.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Teirmeachlaonas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 655.