Teiripe réasúnach mhothúchánach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Modh teiripeach a d'fhorbair an síceolaí cliniciúil ó na Stáit Aontaithe, Albert Ellis (1913-2007), bunaithe ar an gcoincheap go n-éiríonn fadhbanna mothúchán ó chreidimh neamhréasúnacha ag daoine mar gheall orthu féin (mar shampla, is gá dom a bheith foirfe i ngach rud a dhéanaim, nó go mbeidh grá ag gach éinne orm). Dá réir seo, éiríonn measúnuithe diúltacha ar dhuine, agus mothúcháin dhochracha iarmharacha cosúil le himní is dúlagar, nuair a léirítear nach fíor na creidimh seo. Trí mhealladh, griogadh is argóint, cuireann an teiripeoir in aghaidh chreideamh an chliaint chun é a dhéanamh níos réalaíche réasúnaí.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Teiripe réasúnach mhothúchánach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 655.