Teiripe mheigivitimíní

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Teiripe cothaithe a thairg Linus Pauling, a cheap go seachnódh is go leigheasfadh dáileoga móra vitimín C an slaghdán coiteann trí iarmhairt dhíreach fhrithvíreasach agus an córas imdhíonach a fheabhsú. Is eol gur bhain síciatraithe feidhm as dáileoga móra de vitimíní éagsúla chun cóireáil ar othair le neamhoird éagsúla, scitsifréine, dúlagar is hipirghníomhaíocht, ar an mbonn gurbh fhéidir gur tharla siad seo mar thoradh ar easpa vitimíní. Is eol freisin ó thaighde iontaofa go bhfuil mionlach daoine nach féidir leo dóthain vitimíní nó mianraí a asú óna gcuid bia, agus gur gá d'othair ailse i bhfad níos mó díobh a ithe ná an gnáthduine chun nach mbeidh uireasa orthu. Ar an taobh eile, is eol go mbíonn iarmhairtí tocsaineacha ar mhéid iomarcach de vitimíní áirithe. Mar sin, is inmholta aon teiripe meigivitimíní a ghlacadh faoi stiúir dochtúra.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Teiripe mheigivitimíní". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 655.