Teiripe fhótaidinimiciúil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí Idirghabháil LeighisTeiripe fhótaidinimiciúil
MeSHD010778 Cuir in eagar ar Wikidata

Cóir leighis thástálach ar ailse sna scámhóga, an lamhnán is an t-éasafagas, ina mbaintear feidhm as solas. Instealltar ceimiceán ar leith a bhailíonn sna cealla ailseacha san othar, agus is féidir é a athrú ina ábhar atá tocsaineach do na cealla sin trí é a spreagadh le solas. Ní gá ach an ball ina bhfuil an ailse a shoilsiú le solas den tonnfhad cuí chun an ceimiceán a spreagadh. Braitheann éifeacht na teiripe ar cé chomh cinnte agus is féidir an buncheimiceán a lonnú sa bhfíochán ailseach, agus trédhearcacht na bhfíochán os cionn na hailse chun go sroichfidh dóthain solais an ailse. Tá teiripe eile mar seo á saothrú i gcomhair othar le SEIF. Sa chás seo, tá druga leighis in úsáid ar féidir é a spreagadh chun éifeachta le dáileog radaíochta ultraivialaite, agus neartaíonn an druga seo an córas imdhíonach.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Teiripe fhótaidinimiciúil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 655.