Teiripe chluaise

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Foirm shnáthaidphollta a saothraíodh taobh amuigh den tSín, ag baint feidhm as pointí ar an gcluas atá in ainm is a bheith gaolmhar le codanna den cholainn i bhfad uathu. Is í an smaointeoireacht taobh thiar di go bhfuil gach cuid den cholainn léirithe ar an gcluas ag ceann de suas le 200 pointe ansin. Nuair a chuirtear snáthaidí, spreagadh leictreonach nó léas léasair le pointe ar an gcluas, maolaítear an galar nó an phian sa bhall comhfhreagrach. Úsáidtear go forleathan í chun andúil a chóireáil, agus pian a mhaolú le linn breith clainne nó fiaclóireachta.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Teiripe chluaise". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 655.