Teiripe chliantlárnach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Modh oibre, saothraithe ag an síceolaí Meiriceánach Carl Rogers, a dtugtar teiripe neamhdhírithe uirthi freisin. Bunaithe ar an gcoincheap go bhfuil gach duine maith réasúnach sóisialaithe go bunúsach, ag iarraidh a chumas folaigh a bhaint amach an t-am ar fad (é féin a chur i ngníomh). Sa choincheap seo, tarlaíonn mí-oiriúnú síceolaíoch nuair a tharlaíonn rudaí do dhuine a théann i gcoinne a fhéiníomhá. Tá an teiripe seo neamhdhírithe sa chiall nach dtugann an síceolaí treoir don chliant ar cad ba cheart a rá, a dhéanamh nó a mhothú, ach éisteann le hionbhá chun ligean don chliant a fhéiníomhá a athrú de réir a chéile.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Teiripe chliantlárnach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 654.