Teiripe Gestalt

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Teiripe a dhíorthaíodh ó shíceolaíocht Gestalt, é mar aidhm aici duine a dhéanamh iomlánaíoch trí eolas ar airíonna a phearsantachta a shéan sé nó a lig sé i ndearmad a thabhairt chun solais. Síceolaí Meiriceánach a rugadh sa Ghearmáin, Frederick Perls (1893-1970), ab ea príomhchleachtóir na teiripe seo. De ghnáth riaraítear í i ngrúpaí agus i bhfoirm ceardlainne, thar dheireadh seachtaine mar shampla. Spreagtar na daoine sa ghrúpa le bheith lán de bhrí, spontáineach is mothálach dá riachtanais féin. Ní ligtear dóibh labhairt ach san aimsir láithreach, agus leagtar béim ar chumarsáid trí ghníomhartha, ag déanamh aisteoireachta ar choimhlintí.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Teiripe Gestalt". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 314.