Teilimír

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cuid de chrómasóm i bhfad amach ón gceintrimír ina mbíonn cuid mhaith DNA athdhéanta arís is arís eile. Gan na teilimíreanna bheadh na crómasóim éagobhsaí agus d'fhéadfadh siad cuingriú le crómasóim eile chun struchtúir fáinne a dhéanamh. Laghdaíonn fad na dteilimíreanna de réir a chéile agus duine ag dul in aois. Meastar go dtarlaíonn sé seo de bhrí go gcailltear gníomhaíocht na héinsíme teilimíréis le haois.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Teilimír". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 654.