Teilifís dhaite

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tugadh teilifís dhaite isteach sna 1950idí, ach ba ghá don chóras a bheith comhoiriúnach leis an gcóras teilifíse monacrómataí chun gurbh fhéidir na híomhánna a léiriú ar na milliúin teilifíseán a bhí ag daoine. Sa cheamara daite, cosúil leis an gceamara fótagrafach daite, roinntear an íomhá a thagann tríd an lionsa i 3 íomhá, dearg, glas is gorm (na príomhdhathanna) le priosma léas-scoilte le scagairí dathanna is 3 bhraiteoir ar leith, nó le scagaire stríoca míne an 3 dhathanna is braiteoir amháin. Nuair a scantar an íomhá, faightear 3 chomhartha (mar mhalairt ar an gcomhartha amháin sa chóras monacrómatach), dearg, glas is gorm (RGB). Cuingrítear iad seo, 30% R, 59% G le 11% B, chun an comhartha lonrais Y a chruthú, arb ionann é is comhartha monachrómatach don íomhá. Códaítear an t-eolas ar na dathanna, an crómanas, in dhá chomhartha difríochta B-Y is R-Y, i ngaol pais a shuimítear leis an gcomhartha lonrais i modh ar leith a dtugtar modh ilchodach air, le tarchur. Saothraíodh códuithe difriúla i Meiriceá is an tSeapáin (córas NTSC) agus san Eoraip (córas PAL nó SECAM). Sna 1980idí saothraíodh an modh comhpháirte, ina gcoinnítear na comharthaí crómanais scartha ón gcomhartha lonrais, a gcomhbhrúitear iad in am ionas go dtógann siad le chéile an t-am céanna, agus a úsáideann an modh ilchodach. Tugann sé seo pictiúr feabhsaithe, agus úsáidtear go forleathan é i bhfísthaifeadáin is an teilifís ardghéire. Sa ghlacadóir, soláthraíonn scanadh faoi rialú an chomhartha lonrais íomhá mhonacrómatach ar scáileán monacrómatach. I nglacadóir daite, díchódaítear an comhartha lonrais is na comharthaí crómanais chun an 3 chomhartha dearg, glas is gorm a fháil chun an 3 leictreonghunna a rialú sa bhfeadán leis an scáthmhasc is na fo-spotaí dearga, glasa is gorma i ngach spota ar an scáileán a spreagadh le chéile agus dath feiceálach suimithe amháin a dhéanamh ar an spota sin i scanadh na híomhá. I dteilifíseán leata nua-aoiseach, ní feadán ga-chatóideach le leictreonghunnaí atá ann, ach leathán picteilíní le fo-phicteilín don dearg, don ghlas is don ghorm i ngach ceann, ar féidir gach fo-phicteilín a spreagadh go neamhspleách sa scanadh chun an íomhá a chruthú.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Teilifís dhaite". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 653.