Teilicine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fearas chun fístéip i gcomhair taifeadta nó craolta a dhéanamh as scannán pictiúr reatha. I gcóras spota gluaiseachta, scantar an scannán le spota solais a ghintear le feadán ga-chatóideach. Tiontaítear an solas tarchurtha (tríd an scannán) ina gcomharthaí dearga, glasa is gorma le córas léas-scoilte trí fheadán fóta-iolróra. Le forbairtí i scanadh digiteach is féidir maisíocht a chur isteach le linn an tiontaithe.