Teilgeoir sleamhnán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teilgeoir sleamhnán: Kodak Carousel 4400

Teilgeoir a léiríonn íomhá fhormhéadaithe de shleamhnán tréshoilseáin ar scáileán. Is féidir suas le 80 sleamhnán caighdeánach a lódáil ar thrádaire cothaithe, díreach nó ciorclach, agus aon cheann acu a roghnú le léiriú trí chianrialú nó le comharthaí ó théip mhaighnéadach. Chun na tréimhsí dorcha idir na sleamhnáin a sheachaint, baintear feidhm as péire teilgeoirí ag an am céanna chun gur féidir íomhá amháin a shleamhnú go réidh isteach sa chéad cheann eile. Is féidir léirithe ilíomhá a dhéanamh le roinnt mhaith péirí díobh.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Teilgeoir sleamhnán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 652.