Teileamhargaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Córas margaíochta a bhaineann feidhm as an teileafón chun freagairtí a fháil ar fhógraí a mbíonn uimhreacha teileafóin orthu.

Faigheann an t-úsáideoir teileafóin glaonna, tógann na horduithe, agus déanann na socruithe chun eolas, leabhráin is earraí a sheoladh amach do chustaiméirí.

Bíonn sé i gceist freisin glaonna a chur ar ábhair custaiméara le heolas margaíochta chun orduithe is spéis a spreagadh.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Teileamhargaíocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 650.