Teasfhulangaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ábhair nach ndíchumtar nó nach n-athraítear go ceimiceach nuair a nochtar do theocht ard iad. Mar sin, is an-áisiúil iad mar shoithigh, ábhair struchtúrtha, agus comhbhaill in oibrithe miotalóireachta cosúil le líneáil foirnéise. Is ábhair nádúrtha mar seo silice, alúmana is cré thine. Tá teasfhulangaigh shaorga ann freisin, ina measc na cairbídí is na nitridí, nach leánn ach ag teocht fhíorard agus a úsáidtear i stáisiúin núicléacha leictreacha.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Teasfhulangaigh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 648.