Teangacha Samóideacha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Teangacha Samódacha)
Infotaula de llenguaTeangacha Samóideacha
Cineálfine teangacha
Úsáid
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Úralacha
Tréithe
Staidéar agSamoyedology (en) Aistrigh
Cóid
ISO 639-5syd
Glottologsamo1298
IETFsyd

Craobh i gcrann ginealais na dteangacha Úralacha is ea na teangacha Samóideacha nó an tSamóidis. Tá na teangacha Samóideacha gaolmhar leis na teangacha Fionn-Úgracha, cosúil leis an Úngáiris, an Fhionlainnis, agus an Eastóinis, ach is fada amach an gaol é. Is iad na teangacha Samóideacha agus na teangacha Fionn-Úgracha an dá phríomhchraobh san fhine Úralach. Labhraítear na teangacha Samóideacha cois na Farraige Báine, Fharraige Kara agus Fharraige Laptev, is é sin, ar chósta thuaidh na Rúise, timpeall na Sléibhte Úralacha.

Tá na teangacha Samóideacha féin roinnte ina dhá bhfoghrúpa, mar atá:

Fánaithe Arctacha is ea na Samóidigh agus iad i dtuilleamaí a gcuid réinfhianna le haghaidh bia, beatha agus éadaí. Níl an cineál seo saoil ró-inréitithe leis an tsochaí nua-aimseartha, agus mar sin, tá cuid mhaith de na teangacha thuasluaite imithe in éag nó ag foghlaim an bháis. Is í an teanga Nenets an t-aon cheann amháin acu a bhfuil sracadh inti go fóill, agus í ó dhúchas ag beagnach tríocha míle duine. Tá na teangacha Kamas agus Mator imithe go hiomlán, chomh maith leis an teanga Yurats, agus níl ach dornán seandaoine ag labhairt Enets. Tá míle, nó cúpla míle, cainteoirí ag na teangacha Nganasan agus Selkup. Is í an teanga Selkup an t-aon teanga bheo amháin i gcraobh na Samóidise Theas.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]