Teangacha Mhálta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tá dhá teanga oifigiúil ag Málta, an Mháltais agus an Béarla. Is í an Mháltais an teanga náisiúnta chomh maith agus í mar máthairtheanga do 97% de dhaonra na tíre. Tá an Béarla ag 88% de réir suirbhé a dhein Eurobarometer in 2005. Bhí an Iodáilis mar theanga oifigiúil go dtí 1934 ach fós féin dúirt 66% go bhfuilid in ann an Iodáilis a labhairt. Tá an ráta seo níos airde ná mar a bhí sé nuair a bhí an Iodáilis mar theanga oifigiúil. Foghlaimíonn cuid mhaith de phobal Mhálta an Iodáilis ón teilifís. Dúirt 17% go bhfuilid in ann an Fhraincis a labhairt.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]


(as Béarla agus as Fraincis) http://ec.europa.eu/public_opinion/archives/ebs/ebs_243_en.pdf