Teangacha Gréagacha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaTeangacha Gréagacha
Cineálgné na staire

Craobh de na teangacha Ind-Eorpacha iad na teangacha Gréagacha. Go bunúsach, ní gnách dearcadh orthu mar theangacha éagsúla, ach mar chanúintí nó mar chéimeanna stairiúla aon teanga amháin - is é sin, an Ghréigis.

  • an tSean-Ghréigis agus na canúintí éagsúla di: an Ghréigis Hóiméarach, an Ghréigis Ataiceach, an Ghréigis Dhórach, an Ghréigis Iónach, an Ghréigis Locrach, an Ghréigis Phaimfíleach, an Ghréigis Aeólach
  • an Koiné nó an chanúint mheasctha a tháinig in úsáid i ndiaidh ghabháltaisí Alastair Mhóir
  • an Mheán-Ghréigis (an Ghréigis Bhiosántach)
  • an Nua-Ghréigis, idir Katharevousa (teanga scríofa imghlanta) agus Dhimotiki (teanga liteartha a bunaíodh ar chaint na ndaoine)
  • an tSacóinis, agus í ag dornán beag daoine timpeall ar Shliabh Parnon in Oirthear na Peilipinéise
  • an teanga Griko, nó an Ghreacáinise, canúint Gréigise a labhraítear i gCalabria san Iodáil
  • an Chapadóicis, a bhí á labhairt i lár na Mion-Áise i réigiún na Capadóice, áit a bhfuil an chathair Thurcach úd Kayseri.