Teangacha Atapascacha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaTeangacha Atapascacha
Cineálfine teangacha
Úsáid
Cainteoirí dúchais180,000
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teanga bhundúchasach
teangacha bundúchasacha de chuid Chríocha Mheiriceá
teangacha Na-Dene
teangacha Atapascacha-Eyak
Cóid
ISO 639-2ath
ISO 639-5ath
Glottologatha1247
Linguist Listatha
IETFath

Is fochraobh thábhachtach iad na teangacha Atapascacha nó na teangacha Atabascacha (tá an dá leagan, Athapaskan agus Athabaskan in úsáid sa Bhéarla féin, agus is deacair a rá cé acu is fearr) den fhine Na-Dené. Tagann an t-ainm ó Loch Athabasca i gCeanada, agus is é is brí leis "saibhir i bplandaí", "áit a bhfuil na plandaí in aice a chéile". Ba é Albert Gallatin, an teangeolaí Eilvéiseach a chuir faoi i Meiriceá, a cheap an t-ainm seo thiar sa bhliain 1826.

Labhraítear teangacha Atapascacha in Alasca, in Iarthuaisceart Cheanada, i nDeisceart Oregon agus i dTuaisceart Chalifornia, in Iardheisceart na Stát Aontaithe agus in Iarthuaisceart Mheicsiceo.

Tá gaol ag na teangacha Atapascacha leis an teanga EyakIyaq a bhí á labhairt i mbéal an Copper River in Alasca go dtí go bhfuair an cainteoir deireanach bás sa bhliain 2008. Is gnách an teanga seo agus Eyak a lua leis na teangacha Athapaskan-Eyak. Maidir leis an teanga Tlingit in Alasca, tá lúb bheag ghaoil aici leis na teangacha Athapaskan-Eyak, agus tagann na teangacha seo go léir le chéile san fhine Na-Dene. Le déanaí, áfach, d'aithin an teangeolaí Edward Vajda go bhfuil gaol éigin ag na teangacha seo leis an teanga Ket sa tSibéir.

Is iad na teangacha Atapascacha ná:

  • teangacha Atapascacha an Tuaiscirt:
teangacha Dheisceart Alasca, arb iad Ahtna agus Dena'ina (nó Tana'ina) iad;
teangacha Lár Alasca agus Yukon, mar a leans: Deg Xinag, Holikachuk, Koyukon, Kolchan, an dá theanga Tanana (Tanana Íochtair agus Tanana Uachtair), an teanga Tanacross, an dá teanga Tutchone (Tutchone an Deiscirt agus Tutchone an Tuaiscirt), Gwich'in agus Hän.
teangacha Iar-Thuaisceart Cheanada
teangacha Atapascacha California: HupaHoopa-Chilula, MattoleMattole-Bear River, teanga Eel River (is iad ainmneacha na dtreibheanna a labhraíodh í siud Wailaki, Lassik, Sinkyone agus Nongatl)
teangacha Atapascacha Oregon: Umpqua Uachtair, Tutumi (nó teanga Atapascach an Rogue River), Galice-Applegate, agus Tolowa.
  • teangacha Atapascacha an Deiscirt, arb ionann iad agus na teangacha Apáitseacha chomh maith leis an Navachóis:
Apáitsis na Machairí Móra, arb ionann í agus an teanga Kiowa-Apache. Bhí lucht labhartha na teanga seo ag dearcadh orthu féin mar chuid den treibh Kiowa, dream nach bhfuil a dteanga gaolmhar le cineál Apáitsis ar bith. Baineann an teanga Kiowa leis an bhfine a dtugtar Kiowa-Tanoa uirthi.
Apáitsis an Iarthair. Tá trí nó ceathair de theanga san fhoghrúpa seo: Chiricahua-Mescalero (is deacair a rá cé acu dhá chanúint nó dhá theanga atá inti), Navachóis, agus Apáitsis an Iarthair sa chiall chúng - tugtar Coyotero uirthi chomh maith. Bhí Chiricahua ó dhúchas ag Geronimo, ag Mangas Coloradas agus ag Cochise.
Apáitsis an Oirthir. Tá dhá theanga san fhoghrúpa seo: Jicarilla agus Lipan.