Teaghlach na bPlantaigíneach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Teach na bPlantagenêt)
Bosca Sonraí EagraíochtaTeaghlach na bPlantaigíneach
(fr) Plantagenêt
(en) Plantagenets Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósGeoffrey V d'Anjou agus aiteann Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálteaghlach ríoga
ríshliocht Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1126
Bunaitheoir(í)Geoffrey V d'Anjou Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte1485 Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Le cuid
Cuid deAngevins
Teaghlach Gâtinais-Anjou Cuir in eagar ar Wikidata
Armas na bPlantagenêt idir 1340 agus 1405

Ríshliocht as Anjou sa Fhrainc ó thosach ba ea na Plantaigínigh (Fraincis: La famille Plantagenêt). Úsáideann staraithe na linne téarma Plantagenet chun ceithre theaghlach ríoga ar leith a shainaithint: Na hAinsivínigh, a bhí ina gCuntaí D'Anjou agus du Maine (Fraincis: Comtes d'Anjou) freisin; agus ina bpríomhshliocht tar éis d'Anjou a bheith caillte; agus dhá fhochraobh dóibh, Teaghlach Lancaster agus Teaghlach Eabhrac. Bhí ríchathaoir Shasana ag an teaghlach ó 1154, le teacht i gcoróin Anraí II go dtí 1485, nuair a fuair Richard III bás i gcath.

Faoi riail na bPlantagenet, rinneadh claochlú ar Shasana - cé nach d'aon turas a tharla sé ach go pointe áirithe. Is minic a bhí iallach ar na ríthe Plantagenet dul i mbun caibidlíochta agus teacht ar chomhréitigh, nós an Magna Carta. Chuir siad sin srian ar chumhacht ríoga mar chúiteamh ar thacaíocht airgeadais agus mhíleata. Ní raibh an rí ach an fear is cumhachtaí sa náisiún a thuilleadh, a raibh sainphribhléid bhreithiúnais aige, cíos feodach agus cogaíocht. Bhí dualgais shainithe aige anois don ríocht, agus córas ceartais sofaisticiúil mar bhonn leis. Cruthaíodh aitheantas náisiúnta ar leith de thoradh na gcoimhlintí leis na Francaigh, na hAlbainigh, na Breatnaigh agus na hEireannaigh, agus le bunú an Bhéarla mar an phríomhtheanga.

Sa 15ú haois, briseadh ar na Plantagenêt sa Chogadh Céad Blian agus buailte le fadhbanna sóisialta, polaitiúla agus eacnamaíocha. Bhí agóidí de bharr an éilimh coitianta, spreagtha ag séanadh na saoirsí iomadúla. Bhunaigh na huasalaicmí Sasanacha airm phríobháideacha, agus chuadar i mbun achrann príobháideach agus i ngleic go hoscailte leis an rí Anraí VI.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]