Teach cliste

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is teach cliste[1] ann ná teach a bhfuil gach cuid de ceangailte le cáblaí ionas gur féidir cumarsáid gutha, físe is sonraí a dhéanamh idir na seomraí is na codanna éagsúla. Is féidir a leithéid de chóras a úsáid chun monatóiriú leanúnach a dhéanamh ar an teach agus deimhin a dhéanamh go bhfuil an teocht, an soilsiú is an timpeallacht de réir mar a socraíodh. Bíonn fearais go léir an teaghlaigh, aon mhéadair is rabhaidh, ceangailte leis an ríomhaire lárnach chun gur féidir iad a chianmhonatóiriú is a chianrialú.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Pádraig Ó Mianáin, eag.: “smart home — Aistriúchán Gaeilge ar smart home (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2023-07-12.
  2. Hussey, Matt (2011). "Teach cliste". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 645.