Teach an Chustaim

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Teach an Chustaim
Íomhá
Sonraí
CineálCustom house (en) Aistrigh
AiltireJames Gandon
Foirgníocht1791 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Stíl ailtireachtaPallaidiachas
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinBaile Átha Cliath, Éire
Map
 53°20′55″N 6°15′11″W / 53.348544°N 6.253147°W / 53.348544; -6.253147
Gníomhaíocht
ÚinéirRialtais na hÉireann
Suíomh gréasáin oifigiúilgov.ie…

Is foirgneamh suite i gContae Bhaile Átha Cliath é Teach an Chustaim. Cuireadh i gcrích in 1791 é. Saothar máistreachta sa stíl nua-chlasaiceach Eorpach atá ann agus caitheadh deich mbliana á thógáil. Osclaíodh Teach an Chustaim ar 7 Samhain 1791 don chéad uair. Chosain sé 200,000 steirling, a bhí ina shuim mhór airgid an tráth sin.

Ba é an t-éacht ab fhearr a bhain James Gandon amach[1], a bhí tugtha anall ó Shasana leis an obair a dhéanamh. Bhí Gandon roghnaithe ag John Beresford, an Príomh-Choimisinéir Ioncaim, agus ag conlán beag den dream ceannasach Éireannach a bhí i mbun an phróisis an tráth sin le sráideanna agus foirgnimh phoiblí Bhaile Átha Cliath a bhreisiú.

Rinneadh Edward Smyth, dealbhóir cáiliúil na hÉireann, na dealbha atá lonnaithe i gcodanna éagsúla den fhoirgneamh.

Bhí an foirgneamh ina cheanncheathrú ag na Coimsinéirí Custaim agus Máil go heisiach ar dtús; ach bhí príomhról Theach an Chustaim i ndáil leis an rialtas áitiúil faoi thús an fhichiú céad áfach. Dódh an foirgneamh go talamh an 25 Bealtaine, 1921 le linn Chogadh na Saoirse; cuireadh obair athchóiriúcháin i gcrích faoi 1928.

Cuireadh tús leis an dara clár athchóiriúcháin sna 1980idí agus cuireadh i gcrích é in am le dhá chéad bliain ó bunaíodh Teach an Chustaim a cheiliúradh in 1991.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]