Tarpán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tarpán

Iasc mór, suas le 2.4 m ar fhad, sa ghéineas Megalops. Tá an dá speiceas ann: Megalops atlanticus atá fairsing san Atlantach, agus Megalops cyprinoides sna haigéin Ciúin agus Indiach. Luachmhar mar iasc spóirt. A bhéal claonta, a chorrán íochtarach fadaithe, eite bheag droma air is eite fhada ghathach dheiridh. Maireann na larbhaí in uiscí tanaí atá dlúth le cladach, agus riasca goirte.