Talamh shíorshioctha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Talamh atá oighrithe go buan i réigiúin an-fhuara an Domhain. Go domhain faoina bhun tá talamh neamhoighrithe, agus os a chionn ciseal gníomhach a reonn sa samhradh is a athoighríonn sa bhfómhar. Gineann an t-oighriú síos ón dromchla gach geimhreadh brú ar na cisil neamhoighrithe uisceluchtaithe den chrios gníomhach seo, agus uaireanta is féidir go bhfuasclaítear an brú seo trí scoilteanna sa chiseal dromchlach oighrithe. Is mór an fhadhb é seo do thógáil bóithre, foirgneamh is píoblínte. Nuair a thógtar an fásra inslithe chun siúil i réigiúin shíorsioctha, déanann sé sin an crios gníomhach níos doimhne trí leá na talún síorshioctha, agus tugann sé faoi ag an dromchla.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Talamh shíorshioctha". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 641.