Tairseach Sonraí Oscailte an AE

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí Suíomh GréasáinTairseach Sonraí Oscailte an AE
URLhttp://data.europa.eu/euodp/ Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálsuíomh gréasáin agus open data portal (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
TeangaBéarla agus an tSualainnis Cuir in eagar ar Wikidata
CeadúnasCreative Commons CC0 License (en) Aistrigh agus Creative Commons Attribution (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
ÚinéirAontas Eorpach Cuir in eagar ar Wikidata
CruthaitheoirOifig na bhFoilseachán Cuir in eagar ar Wikidata
Iontráil i seirbhísNollaig 2012 Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: data.europa.eu Twitter: EU_opendata Cuir in eagar ar Wikidata

Is é Tairseach Sonraí Oscailte an Aontais Eorpaigh an pointe rochtana ar shonraí poiblí atá foilsithe ag institiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí eile an Aontais Eorpaigh. Is féidir eolas a úsáid agus a athúsáid ar chúiseanna tráchtála agus neamhthráchtála.

Is gné lárnach den straitéis Eorpach maidir le sonraí oscailte í an tairseach. Trína chinntiú go bhfuil teacht ar shonraí gan stró agus saor in aisce, is féidir cur leis an úsáid nuálach agus an leas eacnamaíoch a bhaintear astu. Is é is cuspóir don tairseach freisin na hinstitiúidí agus comhlachtaí eile an Aontais Eorpaigh a dhéanamh níos trédhearcaí agus níos cuntasaí.

Bunús dlí agus seoladh na tairsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Seoladh an tairseach i mí na Nollag 2012 agus bunaíodh go foirmiúil í le Cinneadh ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2011 maidir le doiciméid an Choimisiúin a athúsáid (2011/833/AE) chun inrochtaineacht agus athúsáid a chur chun cinn.

Bunaithe ar an gcinneadh seo, tugtar cuireadh d’institiúidí uile an Aontais eolas ar nós sonraí oscailte a fhoilsiú agus an t-eolas sin a chur ar fáil don phobal nuair is féidir sin.

Is faoi chúram Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh atá bainistiú oibríochtúil na tairsí. Is ar Ard-Stiúrthóireacht na Líonraí Cumarsáide, an Ábhair Dhigitigh agus na Teicneolaíochta (AS CONNECT) sa Choimisiún Eorpach atá an cúram, áfach, an beartas Eorpach maidir le sonraí oscailte a chur i bhfeidhm.

Gnéithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is féidir le húsáideoirí moltaí a dhéanamh go héasca maidir le sonraí ba cheart a bheith ar an tairseach dar leo

Cuireann an tairseach deis ar fáil d’úsáideoirí cuardach a dhéanamh ar na sonraí nó iad a bhrabhsáil, a íoslódáil, a athúsáid go héasca nó nascadh leo, ar chúiseanna tráchtála nó neamhthráchtála, trí úsáid a bhaint as catalóg de mheiteashonraí coitianta. Tríd an tairseach seo, is féidir le húsáideoirí teacht ar shonraí atá foilsithe ar shuíomhanna gréasáin institiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais Eorpaigh.

Cuirtear feidhmeanna nua ar fáil atá bunaithe ar theicneolaíochtaí séimeantacha. Tá caíonna éagsúla ann le catalóg na meiteashonraí a chuardach – úsáid a bhaint as inneall cuardaigh idirghníomhach (an cluaisín Sonraí) nó cuardaigh  SPARQL (an cluaisín Sonraí Nasctha).

Is féidir le húsáideoirí moltaí a dhéanamh maidir le sonraí a cheapann siad atá in easnamh ar an tairseach agus aiseolas a thabhairt faoi cháilíocht na sonraí atá ar fáil.

Achoimre ar an Tairseach Sonraí Oscailte

Tá an comhéadan ar fáil i 24 theanga oifigiúla an Aontais, ach is i líon beag teangacha (Béarla, Fraincis agus Gearmáinis) atá formhór na meiteashonraí ar fáil faoi láthair. Tá roinnt meiteashonraí ar fáil in 24 theanga, e.g. ainmneacha sholáthróirí na sonraí agus an cumhdach geografach.

Téarmaí úsáide[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an chuid is mó de na sonraí a bhfuil fáil orthu ar an Tairseach Sonraí Oscailte cumhdaithe ag an bhfógra dlíthiúil ar shuíomh gréasáin Europa. Is iondúil gur féidir sonraí a úsáid saor in aisce, ar chúiseanna tráchtála agus neamhthráchtála, ar choinníoll go dtugtar aitheantas don fhoinse. I gcás líon beag sonraí tá feidhm le coinníollacha áirithe maidir le hathúsáid, rud a bhaineann go príomha le cosaint príobháideachais sonraí agus maoine intleachtúla. Is féidir nasc leis na coinníollacha sin a fháil maidir le gach tacar sonraí.

Sonraí atá ar fáil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Feidhmchláir a cruthaíodh ag úsáid sonraí oscailte an Aontais Eorpaigh, is féidir iad a chomhroinnt ar an Tairseach Sonraí Oscailte, rud a chuireann leis an eolas a bheidh ag an bpobal orthu.

Tá éagsúlacht an-mhór sonraí oscailte luachmhara ar fáil ar an tairseach agus baineann siad le réimsí beartais éagsúla, e.g. an geilleagar, fostaíocht, eolaíocht, an comhshaol agus oideachas. Deimhníodh tábhacht na sonraí sin i gCairt an G8 maidir le Sonraí Oscailte.

Go dtí seo, chuir thart ar 70 institiúid, comhlacht nó roinn san Aontas Eorpach (e.g. Eurostat, an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, an tAirmheán Comhpháirteach Taighde agus Ard-Stiúrthóireachtaí eile an Choimisiúin Eorpaigh agus Gníomhaireachtaí eile AE) tacair sonraí ar fáil, agus tá os cionn 11,700 ar fáil san iomlán.

gailearaí feidhmchlár (aipeanna) ar an tairseach freisin mar aon le catalóg amharcléirithe (a seoladh i Márta 2018).

Sa ghailearaí sin féadfaidh úsáideoirí teacht ar aipeanna a úsáideann sonraí an Aontais Eorpaigh agus a d’fhorbair institiúidí, gníomhaireachtaí nó comhlachtaí eile an Aontais nó tríú páirtithe. Ach an oiread leis an eolas atá le fáil sna haipeanna, is eiseamláirí iad freisin de na cineálacha feidhmchlár is féidir a chruthú leis na sonraí atá ar an tairseach.

Sa chatalóg amharcléirithe tá uirlisí don amharcléiriú, ábhar oiliúna agus amharcléirithe in-athúsáidte a oireann do gach leibhéal saineolais ar an amharcléiriú sonraí, idir thosaitheoirí agus saineolaithe.

Is cliant saincheaptha léarscáileanna gréasáin é Amharcóir Léarscáileanna EFDAC a ligeann d’úsáideoirí léarscáileanna agus tacair shonraí gheografacha dhíorthaithe atá ar fáil ag an EFDAC a fheiceáil ar scáileán, a nascleanúint agus a chuardach, atá curtha i dtoll a chéile ag an Airmheán Comhpháirteach Taighde.

Ailtireacht na tairsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an tairseach bunaithe ar réitigh foinse oscailte ar nós an chórais bainistíochta inneachair Drupal agus CKAN, bogearraí lenar féidir sonraí a chur i gcatalóg agus atá curtha i dtoll a chéile ag an Open Knowledge Foundation. Is é Virtuoso atá in úsáid mar bhunachar sonraí RDF agus tá críochphointe SPARQL ag gabháil leis.

I gcatalóg na meiteashonraí, cuirtear i bhfeidhm caighdeáin idirnáisiúnta ar nós: Dublin Core (DC), foclóirín chatalóg sonraí DCAT-AP agus an scéimre ADMS (Asset Description Metadata Schema).

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]