Tadhg an Dúna Mac Cárthaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaTadhg an Dúna Mac Cárthaigh
Gníomhaíocht
Gairmfile Cuir in eagar ar Wikidata

File Éireannach ba ea Tadhg an Dúna Mac Cárthaigh (c. 1642-1696). Bhí cáil na féile air, agus ar a mhuintir roimhe - Mac Cárthaigh na Féile a thugtaí orthu. Bhí áitreabh le sinsireacht acu i gCaisleán an Tóchair i nGleann an Chroim i gContae Chorcaí.

Ba é a sheanathair Tadhg an Dúna Mac Cárthaigh (r. 1584), an mac ba shine de Thadhg an Fhórsa Mac Cárthaigh. Ba é an Tiarna é idir na blianta 1618-1648, agus ba é leas-cheannasaí fhórsaí Chúige Mumhan é sa bhliain 1641. Phós sé dhá uair: iníon le Brian mac Eoghain mhic Shuibhne a rug beirt mhac (Tadhg an Fhórsa agus Diarmaid), agus ansin Onóra, iníon Dhónaill Uí Dhonnabháin (Uí Chathail), a rug ceathrar clainne – Onóra, Siobhán, Eoghan agus Ceallachán.

Bhí tailte ag Tadhg an Fhórsa in Inse Geimhleach agus i gCairbrigh i gContae Chorcaí, ach tar éis a bháis sa bhliain 1650 bhain brabúsaithe Sasanacha óna bhean agus óna mhac iad. D’éirigh le Tadhg an Fhórsa roinnt tailte a choinneáil dá mhac (Tadhg an Dúna file) ag Dún Mhánmhaí trí "Decree of Innocence" a fháil, ach cailleadh iad sin freisin tar éis bhua Uilliam Oráiste sa bhliain 1691, agus cailleadh Tadhg féin sa bhliain 1696 agus é an-bhocht.

Le léamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Ó Buachalla, Breandán (2007). Aogán Ó Rathaille. Field Day Publications.