Tadhg Óg Ó hUiginn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaTadhg Óg Ó hUiginn
Beathaisnéis
Bás1448
Gníomhaíocht
Gairmfile Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaGlúin an 15ú aois
TeangachaAn Ghaeilge

File iomráiteach de chuid an 15ú haois ba ea Tadhg Óg Ó hUiginn, a fuair bás sa bhliain 1448.

A bheatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhain Ó hUiginn le teaghlach mór filí i gConnacht. Fuair a athair Tadhg bás sa bhliain 1391, agus níl d’eolas ar a máthair ach go dtugtaí Áine uirthi. Bhí deartháir níos sine aige, Fearghal Rua Ó hUiginn, a fuair bás roimh am, agus caoineann Tadhg é in Me a dhearbhrathair 's a dhalta. Is cosúil gurbh iarua Tadhg le Tadhg Ó hUiginn, file cáiliúil a cailleadh sa bhliain 1315.[1]

Phós sé agus rugadh clann dó. Bhí Tadhg Dall Ó hUiginn (a d’éag c.1591) ar a shliocht. Bhí teach aíochta aige ar son éigse agus oilithreach. Tá iontráil in Annála Ríochta Éireann maidir lena bhás:

Tadhg Ócc mac Taidhg mac Giolla Colaim Uí Uiginn priomh-oide aosa dána Ereann & Alban do écc iar n-aithrighe i c-Cill Connla, & a adhnacal i mainistir Atha Lethain.[2]

Bhí a scoil i gCill Connla ar siúl fós sa bhliain 1574 agus Domhnall Ó hUiginn, file dá shliocht, ina fheighil.

A shaothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí ardmheas ar Ó hUiginn mar fhile lena linn, agus is iomaí taoiseach atá luaite ina shaothar, idir Ghaeil agus Ghall-Ghaeil. Tá dánta cráifeacha leis le fáil i Leabhar Buí Leacáin. Bhaintí tairbhe as a chuid dánta sna scoileanna agus i dtráchtais teagaisc mar shamplaí ardcheardúlachta.

Dán iomráiteach dá chuid is ea “Foillsigh do mhíorbhuile, a Mhuire”:

Foillsigh do mhíorbhuile, a Mhuire,<br\>
maoidheamh asad is é ar lón;<br\>
bíodh mo chás-sa ort 'n-a oire<br\>
nocht do ghrása, a Mhoire mhór.<br\>
Tuig féin go bhfuilim i n-éigin,<br\>
is oircheas duid déachain faoi;<br\>
éisd rem fhuigheall gidh olc mei-se;<br\>
cluineam ort a threise a-taoi...[3]

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Caball, lch 578.
  2. Annála Ríochta Éireann, M1448.12: http://www.ucc.ie/celt/published/G100005D/index.html
  3. Tadhg Óg Ó hUiginn: ”Foillsigh do mhíorbhuile, a Mhuire”: http://celt.ucc.ie/published/G402117/index.html

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Caball, Marc, Ó hUiginn, Tadhg Óg, in Dictionary of Irish Biography, lgh 578–79, Cambridge, 2009.