Túr Raghnaill
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is túr cloiche ciorclach é Túr Raghnaill (Béarla:Reginald's Tower), atá suite i gcathair Phort Láirge. Tógadh é ag tosach an 13ú aois mar chuid de chosaint na cathrach. Tógadh an dara cuid de sa 15ú haois. Bhaintí usáid as mar mhuileann airgid, mar phríosún agus mar stóras míleata chomh maith. Rinneadh athchóiriú air agus tá taispeántas staire do thurasóirí ann anois. Is séadchomhartha náisiúnta é an foirgneamh seo.