Túr Claonta Pisa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Túr Claonta Pisa

Is foirgneamh san Iodáil é Túr Claonta Pisa. Clogás marmair i bPisa na hIodáile, 54 m in airde, atá ann. Tosaíodh ar an tógáil sa bhliain 1173, ach de bhrí gur ar ithir bhog a bhí sé, thosaigh an talamh ag ísliú nuair nach raibh ach 3 urlár tógtha. Níor críochnaíodh go dtí 1372 é. Cáil air de bhrí go bhfuil sé ag claonadh ó 1838, agus an claonadh ag méadú. Bhí imní ar innealtóirí, saineolaithe agus na milliúin daoine a bhfuil grá acu don túr aisteach álainn céanna go dtitfeadh is go gcaillfí an túr. Dhúntaí do chuairteoirí é cuid mhaith den am ó 1990 ar eagla na heagla. Cuireadh 14 saineolaí, saineolaithe idirnáisiúnta cuid acu, i mbun seifteanna a bheartú chun an claonadh a laghdú is an túr a shábháil. Ar dtús bhaineadar triail as coincréit a chur faoin túr ar an taobh a bhí ag ísliú, ag ceapadh go mbrúfadh sé seo an túr suas ar an taobh sin. Ach thapaigh sé seo an claonadh, agus faoi 1997 bhí an barr 5.2 m amach ón ingearán, agus dúnadh do chuairteoirí go hiomlán é. Faoi dheireadh, bhain siad feidhm as modh eile, bunaithe ar an tuiscint go bhfuil an ithir faoin túr cosúil le meascán de ghlóthach is cúr-rubar, agus an túr mar a bheadh sé ag snámh air. Baineadh ithir go cúramach ón taobh den túr a bhí ag éirí, le feisteas simplí druileála. Timpeall 90 tonna ithreach a baineadh, rud a stop an ráta claonta, a chuir an túr i gcothromaíocht, agus a chuir ag filleadh ar an ingearán é. Ligeadh cuairteoirí ar ais ann i 2001.