Túr Bháibil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharTúr Bháibil

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálscéal sa Bhíobla, téama ealaíne, móitíf scéalaíochta agus miotas bunaidh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
PríomhábharTúr Bháibil, teanga, húbras, aontacht agus anord Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh scéalaíochtaTúr Bháibil Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid den tsraith
Cuid deGeineasas 11 Cuir in eagar ar Wikidata

Is parabal i Leabhar Gheineasas é scéal Thúr Bháibil[1][2] (Eabhrais: מִגְדַּל בָּבֶל, Mīgdal Bāḇel; Gréigis: Πύργος της Βαβέλ; Laidin: Turris Babel) a mhíníonn cén fáth a labhraíonn daoine go leor teangacha éagsúla.[3][4][5][6]

Ag tús an scéil, labhair an cine daonna an teanga chéanna ar fud an domhain. Tháinig siad anoir go dtí tír Shionár (שִׁנְעָר‎), agus d'aontaigh siad go dtógfaidís cathair ansin, chomh maith le túr “agus a bharr ag baint neimhe amach in airde” (Geineasas 11:4). Chonaic an Tiarna an chathair agus an túr, agus dá bharr sin, rinne sé “cíor thuathail dá dteanga... i dtreo nach dtuigfidis caint a chéile a thuilleadh.” (11:7), ansin chuir sé fán orthu ar fud an domhain (11:8).

An Scéal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ó Leabhar Gheineasas, Caibidil 11:[7]

  1. Labhair daoine an teanga chéanna agus na focail chéanna ar fud an domhain mhóir.
  2. Agus ag teacht anoir dóibh thángadar ar mhachaire i dtír Shionár agus chuireadar fúthu ann.
  3. Agus dúradar lena chéile: “Téanam agus déanaimis brící agus tugaimis tine dóibh” - brící a bhíodh acu in áit cloch agus pic in áit moirtéil -
  4. “Téanam,” ar siad, “agus tógaimis cathair dúinn féin, agus túr agus a bharr ag baint neimhe amach in airde. Tuillimis clú dúinn féin sula scaipfí ar fud chlár na cruinne go léir sinn.”
  5. Ansin tháinig an Tiarna anuas go bhfeicfeadh sé an chathair agus an túr a thóg na daoine daonna.
  6. “Féach,” arsa an Tiarna, “aon mhuintir amháin iad le haon teanga amháin acu go léir. Níl sa mhéid seo ach tús na mbeart a dhéanfaidh siad; níl aon ní dá bhfuil acu á bheartú nach bhféadfaidh siad a chur i gcrích.
  7. Téanam, téimis síos agus déanaimis cíor thuathail dá dteanga ar an bhfód i dtreo nach dtuigfidis caint a chéile a thuilleadh.”
  8. Agus chuir an Tiarna fán orthu ón áit sin ar fud chlár na cruinne ar fad, agus scoireadar de thógáil na cathrach.
  9. Tugadh Báibil uirthi uime sin mar go ndearna an Tiarna cíor thuathail de theangacha an domhain go léir ansiúd; agus chuir an Tiarna fán orthu ón áit sin ar fud chlár na cruinne go léir.

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níl an frása “Túr Bháibil” sa Bhíobla ar chor ar bith; an rud atá ann i gcónaí ná “an chathair agus an túr” (אֶת-הָעִיר וְאֶת-הַמִּגְדָּל), nó “an chathair” (הָעִיר). Ní léir cén bunús atá leis an ainm “Báibil” (an t-ainm Eabhraise ar an mBablóin freisin). Is é Bāb-ilim (“geata Dé”) an t-ainm dúchais Acáidise a bhí ar an gcathair. Mar sin féin, creidtear anois gur tháinig an fhoirm sin chun cinn mar thoradh ar shanasaíocht a chum gnáthdhaoine na hAcáide ar fhoirm níos luaithe den ainm, Babilla, atá de bhunús neamh-Sheimíteach is dócha.[8][9] De réir an Bhíobla féin, fuair an chathair an t-ainm “Báibil” ón bhriathar Eabhraise בָּלַל (bālal), a chiallaíonn “measc”, nó “cuir mearbhall ar”.[10]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Tomás de Bhaldraithe, eag.: “English-Irish Dictionary (de Bhaldraithe): Babel” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1959). Dáta rochtana: 2024-03-19.
  2. “Túr Bháibil” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-03-19.
  3. "The Oxford Guide To People And Places of the Bible" (2004). Oxford University Press. 
  4. Levenson, Jon D. (2004). "The Jewish Study Bible". Oxford University Press. “The Jewish study Bible.” 
  5. "Hebrew Myths: The Book of Genesis" (1986). Random House. 
  6. "Tree of Souls: The Mythology of Judaism" (2007). Oxford University Press. 
  7. An tAth. Pádraig Ó Fiannachta, eag. (1981). "Geineasas 11:1–9" (in ga). An Bíobla Naofa. Maigh Nuad: An Sagart. Dáta rochtana: 2024-03-19. 
  8. Day, John (2014). "From Creation to Babel: Studies in Genesis 1-11": 179–180. Bloomsbury Publishing. ISBN 978-0-567-37030-3. 
  9. Dietz Otto Edzard: Geschichte Mesopotamiens. Von den Sumerern bis zu Alexander dem Großen, Beck, München 2004, p. 121.
  10. John L. Mckenzie (1995). "The Dictionary of the Bible". Simon and Schuster. ISBN 978-0-684-81913-6.