Tíortha nua-thionsclaíocha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tíortha nach raibh rófhorbartha ach atá ag éirí tionsclaíoch le glúin nó mar sin, agus táirgeadh an-mhór tionsclaíoch is easpórtáil fhiúntach acu dá réir. Sa ghrúpa seo tá tíogair na hÁiseHong Cong, Singeapór, an Chóiré Theas, an Téaváin—agus tíortha cosúil leis an tSín, an India, an Mhalaeisia is an Téalainn san Áise, agus an Bhrasaíl is Meicsiceo i Meiriceá Laidineach. Tá na tíortha seo freagrach as codán den trádáil dhomhanda atá ag méadú go mór anois, earraí ardteicníochta san áireamh, agus níl breith orthu mar iomaitheoirí trádála le tíortha seantionsclaíocha an OECD.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Tíortha nua-thionsclaíocha". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 665.