Tíoraimín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Comhdhúil a fhaightear ón aimínaigéad tíoraisín, i láthair i mbianna cosúil le cáiseanna is fíonta. Tá einsím i gconair an díleá, monaimín ocsaídeáis (MOA), a chabhraíonn lena dhíghrádú is a dhíleá. Má bhíonn laghdú san MOA, rud a tharlaíonn le húsáid drugaí áirithe frithdhúlagráin, carnann an tíoraimín sa cholainn agus ardaíonn sé seo an brú fola. Uaireanta ciapann méigrim duine le farasbarr tíoraimín.