Tíofas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Raon galar a tharlaíonn mar thoradh ar an mionorgánach Rikettsia, a dtugtar fiabhras ballach air freisin. Tá tíofas amháin a iompraíonn míolta agus a tharlaíonn go minic le daonra plódaithe, a bhíonn dian le tinneas cinn, traochtadh is gríos cosúil le bruitíneach. Tá an dara saghas tíofais a iompraíonn dreancaidí, nach mbíonn chomh dian leis an gcéad cheann. Tá tíofas eile a iompraíonn sceartáin agus a tharlaíonn sna Stáit Aontaithe is Meiriceá Theas, a bhíonn cosúil leis an ngalar a iompraíonn dreancaidí. Tá cinn eile fós san Afraic, an India, is an Astráil. Aithnítear is diagnóisítear gach tíofas le tástáil shéireolaíoch ar leith, imoibriú Weil-Felix. Is féidir iad a leigheas le frithbheathaigh.