Tím

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tom beag inleata cumhra, go minic cúpla ceintiméadar ar airde, dúchasach don Eoraip is an Áise. Na duilleoga beag caol, i bpéirí urchomhaireacha. Na bláthanna déliopach, bándearg nó liathchorcra de ghnáth, i bhfáinní plódaithe ag cruthú spící nó ceann. Saothraítear go forleathan mar luibh chistine í, ach tá foirmeacha ildathathacha ann a úsáidtear mar mhaisiúchán. Gné ollmhór le han-chuid speiceas, le bolaithe is blasanna éagsúla. Tím choiteann, tím líomóide, is tím carbhais na speicis is coitinne.