Táimhe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Airí réada a chuireann i gcoinne gluaisne. De réir chéad dlí gluaisne Newton, aon réad le mais atá ar fos nó ar luas tairiseach, ní mór fórsa glan a fheidhmiú air chun a staid a athrú, a luas a athrú, agus/nó é a luasghéarú. Nuair a théann mais an réada i méid, is gá an fórsa a mhéadú i gcomhréir leis an mais chun an toradh céanna a fháil. Prionsabal na táimhe a thugtar ar an dlí seo. Más gluaisne uilleach atá i gceist, is gá casmhóimint fórsaí a imirt ar tháimhe réada chun an casadh uilleach a luasghéarú nó a luasmhoilliú.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Táimhe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 639.