Symposium (Platón)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é an Symposium le Platón (Sean-Ghréigis: Συμπόσιον) cur síos ar chomhrá a thit amach ag oíche ceiliúrtha agus ólachán eagraithe, sa Sean-Ghréig thart faoin mbliain 380 roimh Chríost. In éineacht le na comhráite Parmenides, Philebos agus Phaidros, tá sé ina chuid den tríú teitrean de shaothar Phlatón.

Plota[athraigh | edit source]

Bhain Agathon duais ag comórtas drámaíochta agus an lá dar gcionn thug sé cuireadh dá chuid chairde agus gaolta as an tsochaí in Aithin chuig symposium ag a theach. Bhí páirt lárnach ag Arastafainéas, Sócraitéas agus Alcibiades sa chomhrá. Ós rud é go raibh siad traochta tar éis ceiliúradh an lae roimhe, shocraigh siad go mbeadh oíche socair, chiúin, ré acu. Bheartaigh siad óráidí molta faoi Eros (an grá) a thabhairt, duine i ndiaidh dhuine.

D'ob é an buaicphointe ná óráid Sócraitéas faoina thuiscint ar an ngrá ba uaisle a d'fhéadfaí a mhothú. Faoi dheireadh briseann Albicantes isteach ar an symposium agus é ólta go maith agus de réir mar a chuireann sé é féin in iúl agus a n-insítear don éisteoir faoin gcaidreamh agus an baint idir Sócraitéas agus Albicantes, léirítear don éisteoir ionracas Shócraitéas i leith an méid a bhfuil ráite aige (grá Phlatonic).