Svante Pääbo

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSvante Pääbo

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith20 Aibreán 1955
68 bliana d'aois
Paróiste Oscar, An tSualainn Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Uppsala Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilcéim dochtúireachta
Gníomhaíocht
Réimse oibrePaleogenetics (en) Aistrigh, antraipeolaíocht éabhlóideach, human evolutionary genetics (en) Aistrigh, géineolaíocht, bitheolaíocht éabhlóideach agus géineolaíocht éabhlóideach
Suíomh oibre Leipzig Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmgéineolaí, bitheolaí, bitheolaí éabhlóideach Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Ludwig Maximilian, München
Max Planck Institute for Evolutionary Anthropology (en) Aistrigh
Okinawa Institute of Science and Technology (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Ghearmáinis, Béarla agus an tSualainnis
Teaghlach
CéileLinda Vigilant Cuir in eagar ar Wikidata
AthairSune Karl Bergström  agus Karin Bergström
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáineva.mpg.de… Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm1474827 TED: svante_paabo Cuir in eagar ar Wikidata

Bitheolaí Sualannach a bhfuil fócas speisialaithe sa ghéineolaíocht eabhlóideach aige is ea Svante Pääbo, a rugadh ar 20 Aibreán 1955. Duine de bhunaitheoirí na paléigéineolaíochta atá ann, agus tá a lán oibre déanta aige ar an nGéanóm Néandartálach.

Sa bhliain 2022, bronnadh an Duais Nobel air.[1]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Saolaíodh Svante Pääbo i Stockholm na Sualainne do bheirt eolaí, mar atá Karin Pääbo, ceimiceoir Eastónach, agus Sune Karl Bergström, bithcheimiceoir Sualannach a bronnadh Duais Nobel air, in éineacht le beirt eile, sa bhliain 1982. D'fhás Svante aníos lena mháthair agus ba ar éigin a raibh aon teagmháil aige lena athair.

A chuid oibre[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhain Svante a dhochtúireacht amach in Ollscoil Uppsala, sa tSualainn, sa bhliain 1986. Ón mbliain 1997 i leith tá sé ina stiúrthóir ar roinn na géineolaíochta in Institiúid Antraipeolaíochta Eabhlóidí Max Planck in Leipzig na Gearmáine. Áirítear Pääbo orthu siúd a chruthaigh an phailéigéineolaíocht, disciplín ina mbaintear úsáid as módhanna na géineolaíochta le staidéar a dhéanamh ar dhaoine agus ar neacha nach iad ón réamhstair. Sa bhliain 1997, chuir Pääbo agus a chomhghleacaithe in iúl gur éirigh leo ADN miteacoindreach (mtDNA) Néandartálach a sheicheamhú agus iad ag obair le ADN as cnámh Néandartálach a fuarthas i bhfochla Feldhofer i ngleann an Neander sa Ghearmáin.

I mí Lúnasa na bliana 2004, d’fhoilsigh roinn Phääbo a gcuid fionnachtana i leith an “géin teanga”, FOXP2, atá lochtach nó in easnamh i gcuid de na daoine a bhfuil míchumas teanga orthu.

Sa bhliain 2006, d’fhógair Pääbo plean le géanóm iomlán na Néandartál a atógáil. An bhliain ina dhiaidh sin, chuir Time Magazine Pääbo ar liosta na gcéad duine is ceannasaí ar domhan ag an am. I mí Feabhra, 2009, d’fhógair foireann Pääbo go raibh an chéad dréacht den ghéanóm Néandartálach ullmhaithe acu. Sheicheamhaigh siad breis is 3 bhilliún péire bunaidh i gcomhoibriú leis an gcorporáid 454 Life Sciences.

I mí Márta, 2010, d’fhoilsigh Pääbo agus a fhoireann tuairisc faoi anailís ADN a rinne siad ar ábhar as cnámh mhéire a fuarthas i bPluais Denisova sa tSibéir; de réir thorthaí a gcuid ainilíse, is féidir gur tháinig an chnámh ó dhuine de chuid speiceas Homo atá imithe in éag agus nach raibh aon eolas ag saineolaithe air go dtí sin, speiceas a baisteadh Denisova hominin air.

I mí Bealtaine, 2010, rinne Pääbo agus a chomhoibrithe dréacht de sheachamh an ghéanóim Néandartálaigh a fhoilsiú san iris Science. Bhí siad den tuairim gur tharla crosphórú idir na Néandartálaigh agus daoine dár gcineál féin san Eoraip agus san Áise. Tá cuid de na saineolaithe amhrasach faoi go fóill, ach ceapann daoine eile díobh go dtagann idir 1% agus 4% den sinsireacht ag an gcine daonna inniu ó speicis ársa (taobh amuigh den Afraic, cuid den domhan nár tháinig ár sinsir i dteagmháil leis na Néandartáigh ná speiceas daonna ársa eile).[2]

Foilsíodh Neanderthal Man: In Search of Lost Genomes, leabhar de chuid Pääbo, sa bhliain 2014. Meascán é de chuimhní cinn agus eolaíocht don phobal, ina gcuireann sé síos ar na hiarrachtaí leis an ngéanóm Néandartálach a mhapáil agus ar a chuid smaointe faoin éabhlóid dhaonna.[3]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "The Nobel Prize in Physiology or Medicine 2022" (en-US). NobelPrize.org. Dáta rochtana: 2022-11-14.
  2. Kolbert, Elizabeth. The Sixth Extinction: The Unnatural Extinction. (Nua-Eabhrac, 2014), lgh. 244–247
  3. [1] Léirmheas ar Neanderthal Man, arna rochtain ar 8-8-2014

Foilseacháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Svante Päabo (2014) Neanderthal Man: In Search of Lost Genomes, Basic Books, ISBN 9780465020836

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]