Surveyor

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Taisteal SpáisSurveyor

Cineál miseanclár NASA agus tionscadal
Oibritheoir   NASA Cuir in eagar ar Wikidata


Is éard a bhí i gceist leis an gclár Surveyor céim NASA (ina Saotharlann Scairdtiomána) i 1966-1968 chun spásárthaigh róbatacha a chur i dtír go bog ar dhromchla na Gealaí mar ullmhúchán d'aistir Apollo a mbeadh spásairí orthu.

D'éirigh le 5 iarracht as 7 gcinn teacht i dtír go rathúil, agus rinne siad tréithe na n-ionaid tuirlingthe a thomhas is íomhánna lánléargais a tharchur ar ais ar Domhan.

Rinne siad anailís cheimiceach ar na carraigeacha, ag cinntiú gur carraig bhasaltach a bhí ann i bhfad roimh fhilleadh spásairí Apollo le samplaí tástála.

D'éirigh leis na spásairí ó Apollo 12 an ceamara is an scúp ó Suirbhéir 3 a fháil ar ais óna ionad tuirlingthe in Aigéan na Stoirmeacha.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Surveyor". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 635.