Supermac's
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Supermac's | |
![]() |
|
| Saghas Comhlachta | Saincheadúnas |
| Bunaithe | 1978 |
| Suíomh | Ballybrit, Contae na Gaillimhe, Éire |
| Daoine Lárnacha | Pat McDonagh (CEO) |
| Méid fostaithe | - |
| Tionscail | Mearbhia |
| Láithreán Gréasáin | supermacs.ie |
Sreang bialann is ea Supermac's in Éirinn. Osclaíodh an chéad bhialann sa bhliain 1978 i bpríomhshráid Bhéal Átha na Sluaighe i gContae na Gaillimhe. Tá breis agus 90 bialann de chuid na sreinge in Éirinn anois, go háirithe i nGaillimh. Pat McDonagh, iar-mhúinteoir, a bhunaigh an comhlacht agus eisean atá mar ardfheidhmeannach uirthi fós.
Díolann Supermac's mearbhia den chuid is mó: sceallóga, burgair, píotsa, iasc, sicín, uachtar reoite, creatháin bhainne, caoineoga is araile.
Supermac's a urraíonn foireann iománaíochta na Gaillimhe.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
