Suojeluskunta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Armas

Is éard a bhí i gceist le Suojeluskunta ("Cór Cosanta") ná eagraíocht chosanta tíre a bhí ag obair san Fhionlainn sna blianta 1918-1944. Cineál garda náisiúnta a bhí ann. Bunaíodh na chéad "chóir chosanta" sa bhliain 1917, ach bhí siad an-difriúil le cóir chosanta na heagraíochta náisiúnta a tháinig ar an bhfód sa bhliain 1918.

I rith na mblianta, bhí 120,000 duine sna cóir chosanta, agus ar meán bhí 90,000 duine ann. Mar sin, bhí eagraíocht náisiúnta na gcór cosanta ar an eagraíocht shaorthoilteanach ba mhó a bhí ag obair i sochaí na Fionlainne san am. Shroich an eagraíocht uasmhéid a ballra sa bhliain 1941, nuair a bhí 127,000 duine ann. I mbliain a bunaithe ní raibh ach 39,000 duine ann. Tháinig deireadh leis an eagraíocht nuair a shocraigh an Fhionlainn agus an tAontas Sóivéadach síocháin shealadach sa bhliain 1944, nó ceann de choinníollacha na síochána a bhí ann go ndíshlógfaí na Cóir Chosanta, rud a rinneadh.

Ba iad Gardaí Bána an chogaidh chathartha síol na gCór Cosanta, rud a d'fhág go raibh blas láidir polaitiúil - blas na heite deise - orthu i rith an chéad chúpla bliain i ndiaidh an chogaidh sin. Sa bhliain 1921, áfach, tháinig an Leifteanant-Choirneal Lauri Malmberg i gceannas ar Eagraíocht na gCór Cosanta, agus rinne sé a dhicheall an eagraíocht a thabhairt chun proifisiúntachta agus chun neamhpholaitiúlachta. D'éirigh leis a lán a dhéanamh lena chuid cuspóirí a bhaint amach, agus cuireadh oifigigh phroifisiúnta in áit na radacach eite deise sna heagrachtaí réigiúnacha.