Struve

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Clann ar bhain 4 ghlúin di cáil amach sa réalteolaíocht. Rugadh Friedrich Georg Wilhelm von Struve (1793-1864) sa Ghearmáin, agus bhí sé ina stiúrthóir ar Réadlann Dorpat san Eastóin ó 1818. Ceapadh a mhac Otto W. Struve (1819-1905) ina stiúrthóir ar Réadlann Pulkova i 1861. I 1904 ceapadh mac leis sin, Karl Hermann Struve (1854-1920), ina stiúrthóir ar Réadlann Bheirlín, agus tháinig mac níos óige, Gustav Wilhelm Ludwig Struve (1858-1920), le bheith ina stiúrthóir ar Réadlann Karkov i 1894. D'imigh a mhac siúd, Otto Struve (1897-1963), chuig na Stáit Aontaithe i 1921. Bhunaigh is stiúraigh sé Réadlann McDonald ansin (1939-1947), agus ceapadh é mar chéad stiúrthóir ar Réadlann Náisiúnta Radairéalteolaíochta na Stát Aontaithe (1959-1962). Bronnadh bonn órga an chomhlacht ríoga réalteolaíochta ar bhall de gach glúin, éacht uathúil.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Struve". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 632.