Strusanailís

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Bealaí chun an strus taobh istigh de struchtúr a réamhinsint is a mhonatóiriú. Is é an toradh ar strus ná díchumadh an ábhair atá faoi strus. Tá dhá phríomhshaghas struis ann: strus normálta nó díreach (teannas trí tharraingt nó comhbhrú trí bhrú), agus strus fiartha ar strus i leataobh é. Comhchruinníonn strus ag pointí mar a n-athraíonn cruth an ábhair, agus de réir mar a ghéaraíonn an t-athrú is amhlaidh a mhéadaíonn an strus. Is féidir feidhm a bhaint as ríomhaire chun na struis i struchtúr faoi ualaigh phraiticiúla éagsúla a ríomh. Is bealach é strusanailís fhótaileaisteach chun na struis a dhéanamh infheicthe. Déantar mionsamhail phlaisteach thrédhearcach den struchtúr atá le tástáil. Cuirtear ualaigh (fórsaí) chuí i bhfeidhm ar an struchtúr, agus breathnaítear air trí scagairí polarúcháin. De bhrí go n-athraíonn an strus (is an straidhn chomhthorthach) airíonna polarúcháin an phlaistigh, feictear patrún de fhrainsí daite. Bíonn na frainsí níos dlúithe le chéile sna haiteanna is mó an strus is an straidhn.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Strusanailís". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 632.