Stranger Than Paradise
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Stranger Than Paradise | |
|---|---|
| Stiúrthóir | Jim Jarmusch |
| Léiritheoir | Sara Driver |
| Scríbhneoir | Jim Jarmusch |
| Aisteoirí | John Lurie Eszter Balint Richard Edson Cecillia Stark Danny Rosen |
| Ceol le | Drew Kunin John Lurie |
| Cineamatagrafaíocht | Tom DiCillo |
| Eisiúint | 1984 |
| Fad reatha | 95 nóiméad |
| Teanga | Béarla |
| IMDB | |
Scannán is ea é Stranger Than Paradise a scríobhadh agus a stiúradh ag Jim Jarmusch. Scaoileadh é i 1984. Scannán dubh agus bán a bhí ann. Thosaigh sé mar ghearrscannán tríocha nóiméad faoin teideal Stranger Than Paradise (The New World) i 1982. Bhí ról ag beanchéile Jim Jarmusch, Sara Driver, sa scannán seo. Feictear í ag deireadh an scannáin le hata uirthi ag feitheamh ar an airgead.
Rangú an scannán ag #26 i liosta "The Top 50 Cult Films" san irisleabhar Entertainment Weekly.[1]
Clár ábhair |
Ceol [athraigh]
An príomh-aisteoir John Lurie a rinne an ceol don scannán, ach amháin an t-amhrán I Put a Spell on You le Screamin' Jay Hawkins, a chloistear go minic sa scannán. D'eisigh Enigma an t-albam Stranger Than Paradise/The Resurrection of Albert Ayler sa bhliain 1999.
Teidil Chreidiúna [athraigh]
- Stiúrthóir Griangrafadóireachta – Tom Di Cillo
- Ceol – John Lurie
- Eagarthóir – Jim Jarmusch agus Melody London
- Léiritheoir Feidhmiúcháin – Otto Grokenberger
- Léiritheoir – Sara Driver
- Scríbhneoir – Jim Jarmusch
- Stiúrthóir – Jim Jarmusch
Aisteoirí [athraigh]
- John Lurie - Willie.
- Eszter Balint - Eva.
- Richard Edson - Eddie.