Stróc teasa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Éirí i dteocht duine (go minic os cionn 41 °C) nó ainmhí eile, a tharlaíonn nuair is mó an táirgeadh teasa sa cholainn ná an chailliúint teasa, mar shampla in obair nó aclaíocht throm, tinneas fiabhrasach, nó le linn do theocht na timpeallachta a bheith ró-ard. Éiríonn na torthaí cliniciúla ón ardú teochta is dísciú. Tarlaíonn laige is urlacan, agus ina dhiaidh sin cailliúint comhfheasa is cliseadh na nduán. Mar chóireáil, ní mór an cholainn a fhuarú go práinneach is a hiodráitiú. Tugtar béim gréine ar an riocht seo freisin, ach ní gá go mbeidh duine amuigh faoin nGrian chun go dtarlóidh sé.