Star Wreck: In the Pirkinning

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí ScannáinStar Wreck: In the Pirkinning
Buneolas
StiúrthóirTimo Vuorensola Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhcharachtair
LéiriúSamuli Torssonen Cuir in eagar ar Wikidata
Mionsonraí
Tír bhunaidhan Fhionlainn Cuir in eagar ar Wikidata
Céadléiriú2005 Cuir in eagar ar Wikidata
Fad ama103 min Cuir in eagar ar Wikidata
Bunteangaan Fhionlainnis Cuir in eagar ar Wikidata
Dathdaite Cuir in eagar ar Wikidata
Buiséad13,462.33 € Cuir in eagar ar Wikidata
Cur síos
Seánrascannán grinn ficsin eolaíochta, scannán eachtraíochta, scannán ficsin eolaíochta, crossover fiction (en) Aistrigh agus scigaithris Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: tt0472566 Filmaffinity: 344840 Rottentomatoes: m/star-wreck-in-the-pirkinning Letterboxd: star-wreck-in-the-pirkinning Allmovie: v503439 Archive.org: StarWreckInThePirkining Cuir in eagar ar Wikidata

Sraith: Star Wreck (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata


Jarmo Puskala, Assembly 2008

Is scannán scigaithrise é Star Wreck: In the Pirkinning agus é bunaithe ar an Star Trek agus ar Babylon 5. Scannán ar aon fhad le haon phríomhscannán atá ann agus é ag baint úsáid as maisíocht ríomhchuidithe le cathanna gáifeacha spáis a chruthú, agus iad uile déanta ag cúigear fear óg ag tábla na cisteanaí in árasán dhá sheomra. Siúd is go bhfuil cúlra an scannáin chomh huiríseal sin, bhain sé amach rátáil níos airde féachana ná aon scannán Fionlannach roimhe sin, ó cuireadh ar fáil é ar leathanaigh ghréasáin na foirne léiritheoireachta i ndeireadh an tsamhraidh sa bhliain 2005. Níor tháinig an scannán riamh a fhad leis na pictiúrlanna, amach ón gcúpla uair a taispeánadh do chuairteoirí cuiridh é, nó b'fhearr leis an bhfoireann é a scaipeadh mar íoslódáil saor in aisce nó ar dhioscaí DVD.

An fear a bhí ina stiúrthóir, mar atá, Samuli Torssonen, bhí sé riamh ina mhóidín mór don Star Trek, agus é ag déanamh scannáin ríomhbheoite in aithris ar an sraithscéal sin ó bhí sé ina bhuachaill beag agus spéis aige sa ríomhaireacht. De réir a chéile, áfach, tháinig an dáiríreacht i leaba an tsúgraidh, agus sa bhliain 1998, chrom seisean agus a chuid cairde ar an Pirkinning a léiriú.

Siúd is gur scannán de dhéantús na móidíní atá ann, tá níos mó úimléide ná sin ag baint leis an Pirkinning, agus ós rud é go bhfuil an mhaisíocht ríomhchuidithe lán chomh huaillmhianach is a d'fheicfeá ar aon léiriú proifisiúnta, is iomaí léirmheastóir a ghlac an scannán dáiríre píre.

Samuli Torssonen,Assembly 2008 computer festival.

An Plota[cuir in eagar | athraigh foinse]

Roimh an Pirkinning, bhí an fhoireann tar éis gearrscannán a léiriú ina raibh an spásárthach Potkustartti (Kickstart sa leagan Béarla) ag cur catha ar na Korg, agus iadsan meáite ar an Domhan a shealbhú. Nuair a d'éirigh leis an gCaptaen Pirk (Samuli Torssonen) agus a chuid saighdiúirí spásárthach ciúbach na gKorg a scrios sa deireadh, tháinig liathróid aisteach as croílár an spásárthaigh chiúbaigh agus thit síos ar an Domhan. Ansin, chonaic Pirk, an Ceannfort róbatach Info (Antti Satama), agus an Pliongónach Dwarf (Timo Vuorensola) an Domhan á chlaochlú os comhair a súl: ar an toirt, rinneadh pláinéad de chuid na gKorg de. Ní raibh de rogha ag Pirk agus a chuid oifigeach filleadh ar ais i stair an Domhain leis an olltubaiste seo a chosc roimh ré.

Is ansin a thosaíonn scéal an Pirkinning, agus Pirk, Dwarf agus Info fágtha ar an mblár fholamh i saol ár linne féin. Ní thaitníonn nósanna na bliana 2005 leis an triúr ar aon nós. Tá an Ceannfort Info imithe as radharc, ó tá sé den tuairim go gcaithfidh an triúr acu féachaint chuige nach rachaidh amlíne na staire ó mhaith - rud a tharlódh, dá bhfaigheadh saol na bliana 2005 amach faoi theicneolaíocht na todhchaí. Tá Dwarf ag díol ispíní teo le mic léinn teicneolaíochta, mic léinn atá chomh hólta is go bhfuil síor-eagla air go dtosóidh siad ag urlacan os comhair a bhotha. Maidir le Pirk, tá sé ag iarraidh an chluain Mhuimhneach a chur ar mhná óga i mbeár na martbhorgairí (Dála an scéil, is mise an Captaen Pirk, tháinig mé as an todhchaí), rud nach dtuilleann dó ach dorn san aghaidh ó ghrá geal na girsí. Sa deireadh thiar thall, faigheann Pirk amach go bhfuil amlíne na staire curtha ó mhaith beag beann ar a fhoireann féin, agus cinneann sé ar an "Aontas P" - an t-aontas idirphláinéadach a bhfuil sé féin ina Chaptaen dó - a bhunú as a leontaí féin. Tá Info ag easaontú, ach ní féidir athrú comhairle a chur ar Pirk.

Timo Vuorensola, Ropecon 2008.

Mar sin, téann Pirk i gcomhghuaillíocht le hUachtarán na Rúise, Ulyakov (Kari Väänänen, duine den bheagán aisteoirí proifisiúnta ar an scannán). Le cuidiú na Rúiseach, tógann sé Potkustartti nua dó féin. Ansin, cromann Pirk - atá tar éis é féin a chorónú ina Impire ar an "Aontas P" - agus an tUachtarán Ulyakov ar fhorghabháltas an domhain. Feictear saighdiúirí an Aontais ag ionsaí Pharlaimint na Fionlainne agus ag sealbhú Túr Eiffel, agus sa deireadh, díríonn a chuid spásárthaí na gunnaí ar Stáit Aontaithe Mheiriceá. Nuair atá an forghabháltas críochnaithe, áfach, níl an tUachtarán Ulyakov úsáideach a thuilleadh, agus maraíonn saighdiúirí Pirk é as fuil fhuar.

Anois, tá Pirk ina Impire ar an Domhan. Ós rud é go bhfuil na géillsinigh míshásta lena thíorántacht, cuireann an tImpire a chuid spásárthaí ar lorg naimhde amuigh sa spás, le go bhféadfadh sé glóir na cogaíochta a thabhairt do na daoine in áit an aráin. Ar ndóigh, is é an t-iar-innealtóir núicléach ón Rúis (roimhe seo, bhí mé ag obair i Searnóbail) Sergey Fukov (Janos Honkonen) atá iompaithe ina chaptaen ar an seanghliogramán úd de spásárthach, Kalinka, a thagann ar "pholl péiste" (nó, mar a thugtar air sa scannán, "píobán na bpéisteanna"), is é sin, bealach go dtí ollchruinne mhalartach. Creideann Pirk gur féidir go bhfuil naimhde le cloí agus pláinéid le forghabháil taobh thiar den phíobán sin. Mar sin, téann sé i gceannas ar fhórsa millteanach sluaíochta de spásárthaí leis na naimhde sin a ionsaí.

Star Wreck, siopa, Tampere

Faigheann sé roimhe an spás-stáisiún Babel-13, a bhfuil an Captaen Jonny K. Sherrypie (Atte Joutsen) i gceannas air, in éineacht le bean óg darbh ainm Susanna Ivanovitsa (Satu Heliö) agus le druncaeir de cheannasaí slándála, Michael Garybrandy (sa leagan Fionlainnise, Mikhail Karigrandi - b'é an t-aisteoir proifisiúnta Jari Ahola a rinne an pháirt).

Anois a thosaíonn cath deifnídeach an scannáin idir Sherrypie agus Pirk. Agus ós rud é gur scigaithris atá ann, siúd is go bhfeictear na spásárthaí ag pléascarnaigh go gáifeach - díreach chomh gáifeach le cuid óráidíochta Sherrypie - is beag laochas a bhaineann leis an gcogadh seo. Sa deireadh thiar, níl aon dea-chinniúint i ndán do Sherrypie ná do Pirk.

Na Carachtair[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Cabhlach "P"[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • An Captaen James Pirk, agus an pháirt á déanamh ag Samuli Torssonen féin. Tá Pirk bunaithe ar James Kirk (ón mbun-sraithscéal) agus ar Jean-Luc Picard (ón "Chéad Ghlúin Eile") araon. Más fear mór banachais é Kirk, níl i bPirk ach buachaill bocht a bhfuil eagla air roimh na mná, agus saint aige sa ghnéas san am céanna. Mar sin, éiríonn le Sherrypie é a bhréagadh i ngaiste trí oíche chraicinn a thairiscint dó le hIvanovitsa. Más laoch iontach cróga é gach captaen ar an Star Trek, is cladhaire déanta é Pirk, agus más dea-dhaoine iad Kirk agus Picard, is deachtóir tíoránta é Pirk. Rud nach bhfuil le haithint ar fhotheidil an scannáin, agus an fuaimrian taifeadta i bhFionlainnis, is ea go bhfuil Pirk ag labhairt go mímhúinte ar fad, agus blas de chanúint chathair Tampere aige - canúint is mó a shamhlaítear le lucht oibre na cathrach céanna.
  • An Ceannfort Info, agus an pháirt á déanamh ag Antti Satama. Aithnítear ar a chraiceann airgeadgheal é. Tá an carachtar bunaithe ar an gCeannfort Data.
  • An Pliongónach Dwarf, agus an pháirt á déanamh ag Timo Vuorensola. Ós rud é gur cogaí cróga Pliongónach é, ní cuid dá chultúr é folcadh ná fiú cith a thógáil. Ar ndóigh, is scigaithris ar an Tliongánach Worf ón Star Trek é, agus siúd is gurb ainm dó Dwarf, is fear mór ard é.
  • Sergey Fukov, innealtóir Rúiseach nach bhfuil aon mhaith ann mar innealtóir, a cuireadh i gceannas ar an spásárthach Kalinka, siúd is nach bhfuil aon mhaith ann mar chaptaen spáis, ach an oiread. B'é Janos Honkonen a rinne an pháirt.

Babel 13[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • An Captaen Jonny K. Sherrypie. B'é Atte Joutsen a rinne an pháirt seo. Is follasach gur scigaithris é Sherrypie ar Sheridan ar an sraithscéal spáis úd Babylon 5. Tá Sherrypie ag síleadh an domhain dá scileanna mar óráidí, rud nach bhfuil foireann a stáisiúin spáis chomh cinnte sin faoi.
Ivanovitsa: Tá an Backgammon ag cailleadh an fhóid, agus níl mórán fágtha againn féin. (Spásárthach cogaidh de chuid Bhabel-13 is ea an Backgammon.)
Sherrypie: Dar Crom, níl róchuma ar na cúrsaí. Níl ach aon bhealach éalaithe amháin fágtha againn.
Ivanovitsa: An bhfuil tú...an bhfuil tú ag rá go...?
Sherrypie: Tá. Caithfidh mé óráid a thabhairt!
  • An Ceannfort Susanna Ivanovitsa. B'í Satu Heliö a rinne páirt Ivanovitsa. Scigaithris ar Susan Ivanova atá i gceist leis an gcarachtar seo. Is í an obair atá idir lámhaibh aici ná bheith ag éisteacht le síor-óráidíocht Sherrypie agus ag gearradh pionóis do na spáschaptaein nach bhfuil sásta fo-dhlíthe Bhabel 13 faoi pháirceáil na spásárthaí a urramú mar ba chóir. Ní nach ionadh, tá sí éirithe tarcaisniúil go leor ina cuid cainteanna féin, má fhágann Sherrypie cead cainte ar bith aici.
  • Festerbester. Tá an pháirt seo á déanamh ag Janos Honkonen fosta. Oifigeach "síceo" é Festerbester agus é in ann daoine eile a choinneáil faoi smacht le neart a intinne. Tá an carachtar bunaithe ar Alfred Bester ar Bhabylon 5.
  • Fear na Slándála, Michael Garybrandy, nó Karigrandi, sa leagan Fionlainnise. Is é Michael Garibaldi ar Bhabylon 5 is bunchuspa do Garybrandy. Tá an leagan Fionlainnise ag tagairt d'fhógráin ar theilifís na Fionlainne thiar sna seachtóidí nó sna hochtóidí, fógráin a bhí ag reic branda Fionlannach de dheoch neamhalcólach, Grandi. Bhí laoch arbh ainm dó Kari Grandi (bunaithe ar Cary Grant, ar ndóigh) ag teacht chun tarrthála do dhaoine a raibh tart orthu ar na fógráin seo, agus é ag tairiscint Grandi dóibh, ní nárbh ionadh. I ndeireadh gach fógrán, chloistí na focail seo: Hän on kaikkien janoisten sankari, aikamme legenda, Kari Grandi ("Eisean a laoch siúd a bhfuil tart orthu, finscéal ár linne, Kari Grandi"). Maidir le Michael Garybrandy/Karigrandi, nuair a cháineann Ivanovitsa é agus an dóigh a bhfuil sé ag druncaeireacht, is é an freagra a thugtar di ná: Olenhan sentään kaikkien janoisten sankari, aikamme legenda ("Nach mise a laoch siúd a bhfuil tart orthu, finscéal ár linne"). - B'é Jari Ahola a rinne an pháirt, agus é ar dhuine den bheagán aisteoirí proifisiúnta a ghlac páirt i scannánú an Pirkinning.

Carachtair Eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • An tUachtarán Ulyakov (nó Ulyanov). Uachtarán na Rúise, agus é tugtha don ól is don impiriúlachas, mar a shamhlófá le huachtarán na tíre sin. B'é Kari Väänänen a rinne páirt Ulyakov. Aisteoir proifisiúnta is ea é, agus é ag déanamh páirteanna ar go leor scannán le hAki Kaurismäki, mórstiúrthóir comhaimseartha na Fionlainne.
  • Bean na Stiúrach ar an Potkustartti - an Leifteanant Ruoska ("Fuip") sa leagan Fionlainnise, nó Swagger as Béarla (siúd is gurb ar éigean a dhéantar tagairt di ar an scannán ach amháin mar "bhean na stiúrach"). Ós rud é gur muc sheoibhineach fhireann é Pirk, theastaigh cailín dathúil uaidh lena bhratlong a stiúradh. Mar sin, tá Bean na Stiúrach (Tiina Routamaa ag déanamh na páirte) ag caitheamh cineál biciní leathair, agus í ag monabhar go tarcaisniúil faoin tsainéide seo agus faoi chéapars eile an Impire an chuid is mó den am.
  • An tAmbasadóir Flush, agus é ina scigaithris ar an Ambasadóir Vorlonach, Kosh, ar Bhabylon 5. B'é an tuairim a bhí ag roinnt mhaith léirmheastóirí gurb é Flush an chuid ab fhearr den scigaithris. Tá Flush chomh tostach lena bhunchuspa, ach nuair a sciorrann focal nó dó uaidh, baineann Garybrandy agus Sherrypie seach-chiall rúndiamhair as an méid ar an toirt.
Flush: An tsrón a dtiocfaidh cigilt inti, caithfidh tú í a thochas.
Sherrypie: É féin a dúirt é, a Mhaidhc! Caithfidh muid creidiúint a thabhairt dár gcuid instinní, mar a rinne na sinsir na mílte uair romhainn.

An Léiriú[cuir in eagar | athraigh foinse]

B'é an stiúrthóir féin, Samuli Torssonen, a chuir tús leis an léiriú. Ón mbliain 1992 anuas, bhí sé ag déanamh stumpaí scannáin ríomhbheoite ar a ríomhaire féin in aithris ar an Star Trek lena chuid cairde. San am sin, ní raibh ann ach stócach déagóra. B'fhuath lena chara Rudi Airisto gach dár bhain leis an Star Trek, áfach, agus b'fhearr leis siúd scigaithris a dhéanamh ar an Star Trek. De réir a chéile, léirigh na buachaillí sraith de ghearrscannáin, cuid acu bunaithe ar an ríomhbheochan, an chuid eile ag cur maisíocht ríomhchuidithe thart timpeall ar aisteoirí beo. An ceann deireanach de na scannáin scigaithris seo, mar atá, Star Wreck: The Lost Contact, is scannán réasúnta fada é cheana féin, agus é ag athinsint imeachtaí an Star Trek: The First Contact ar a dhóigh scigiúil féin.

Baineann an scannán seo an-leas as an teicníocht ar a dtugtar an scáileán gorm. Is é sin, scannánaítear na haisteoirí os comhair cúlra gorm, ar dtús. Ansin, baineann an ríomhaire an cúlra seo de na haisteoirí agus suíonn sé na haisteoirí isteach i bhfeisteas stáitse nach raibh ann riamh, ach amháin mar ríomhbheochan. Mar sin, níor thóg an fhoireann samhail ar bith de throscán an spásárthaigh riamh - ní raibh de dhíth ach samhail fhíorúil de a chur i dtoll le chéile ar an ríomhaire agus pictiúirí na n-aisteoirí a fháscadh isteach san fhráma seo. Ní fhaca na haisteoirí féin an troscán riamh sula bhfuair siad an scannán le feiceáil, iad féin.

Agus an tuiscint a tháinig ag Torssonen agus a chairde ar fhéidearthachtaí an scáileáin ghoirm, le linn na n-oibreacha ar an Lost Contact, chinn sé ar scannán scoir a chur leis an tsraith a rinne sé roimhe sin. Ar dtús, bhí sé ceaptha nach mbeadh sa cheann sin ach mionscannán cúig nóiméad déag, nó mar sin, le triail a bhaint as an maisíocht. De réir a chéile, áfach, d'athraigh na cúrsaí.

Theastaigh ó Torssonen Rudi Airisto a chur ag stiúradh an scannáin, ach nuair a chuaigh Airisto ar imirce go dtí Sasana le staidéar a dhéanamh ansin, tháinig Timo Vuorensola ina áit. Mar sin féin, choinnigh Airisto dlúthchumarsáid le foireann na léiritheoireachta, agus é ag labhairt le Torssonen ar an nguthán póca go laethúil, beagnach. Fuair an bhunfhoireann aithne ar dhaoine eile a raibh suim acu sa scannánaíocht, agus ag foghlaim tuilleadh faoin ealaín seo dóibh, chaith siad i dtraipisí na stumpaí scannáin a bhí déanta acu i dtús báire. Sa bhliain 2000, d'eisigh siad cineál mealltóg, mar atá, Star Wreck IV½: Weak Performance. Mar sin féin, ní raibh an Pirkinning in aon neasacht do bheith ullamh go fóill. Na blianta ina dhiaidh sin, bhí an scannán sna fonsaí tógála agus an fhoireann ag gealladh go dtiocfadh an scannán amach "i gceann leathbhliana". Tríd is tríd, thóg sé seacht mbliana coincheap an Pirkinning a iompú ina scannán. San am sin, rinneadh fir fhásta de na spúraicligh de dhéagóirí, agus chuaigh Torssonen ag staidéar sa phoiliteicnic. Ceadaíodh dó an scannán a chur faoi bhráid na scoile mar théis nó mar thráchtas céime.

Na Spásárthaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá spásárthaí an scannáin bunaithe ar na cinn a d'fheicfeá ar an Star Trek agus ar Bhabylon 5, amach ó na hainmneacha barrúla a baisteadh orthu. Mar a chonaic muid, PotkustarttiKickstart atá ar an Enterprise, agus tugann Ivanovitsa "scriostóirí den aicme Amigo" ar an gcineál spásárthaí a bhfuil aithne againn orthu mar scriostóirí den aicme Omega ó Bhabylon 5. Tá triúr de na scriostóirí seo ainmnithe as laochra na Fionlainne, mar atá, Ehrnrooth (Adolf Ehrnrooth, ginearál Fionlannach sa dara cogadh domhanda), Mannerheim (Carl Gustaf Emil Mannerheim, Marascal na Fionlainne) agus Ilmarinen (laoch miotaseolaíoch as Kalevala, eipic náisiúnta na Fionlainne).

Impleachtaí don Ghaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Siúd is nach bhfuil i gceist leis an scannán, go bunúsach, ach cleas magaidh a d'imir dornán de mhic léinn óga, tá sé léirithe ag an bhfoireann go bhfuil cathanna gáifeacha spáis agus maisíocht eile den chineál nach bhfeicfeá ach ar scannán ficsin eolaíochta de chuid Hollywood - go bhfuil a leithéid de mhaisíocht in aice láimhe ag aon duine óg a bhfuil ciall aige don ríomhaire. Tá sé incheaptha anois scannán neamhspleách ficsin eolaíochta a dhéanamh nach bhfuil puinn níos laige ó thaobh na maisíochta de ná ceoldrámaí spáis le leithéidí George Lucas agus Gene Roddenberry. Nó is léir nach í an mhaisíocht an phríomhchúis le costas ard na déantúsaíochta, ach an phá mhillteanach a éilíonn boic mhóra an ghnó seó ar a gcuid oibre.

Díol suntais é gurb í an Fhionlainnis a labhraítear ar an Potkustartti agus ar Babel-13. Bheadh sé chomh furasta céanna an Ghaeilge a chur á labhairt ar bhord spásárthaigh ar cheoldráma spáis, dá mbeadh na scileanna ríomhaireachta agus na haisteoirí ann. Dá mbeadh Gaeilge ó dhúchas ag Samuli Torssonen, is dócha go ndéanfadh sé scannán Gaeilge de. De thaisme, Fionlannach a tharla a bheith ann, agus dá réir sin, rinne sé scannán Fionlainnise den Pirkinning.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]