Stair na nGiúdach in Éirinn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Uaigh Ghiúdaigh gan aithne i gCaladh an Treoigh, Luimneach.

Síneann stair na nGiúdach in Éirinn ar ais beagnach míle bliain. Cé go mbíodh an líon daoine sa phobal Giúdach i gcónaí beag in Éirinn, de ghnáth bíonn fáilte roimh lucht na nGiúdach i sochaí na hÉireann.

Luath-Stair[athraigh | edit source]

Tá tagairt, in Annála Inis Faithleann, d'eachtra a tharla sa bhliain 1079. Bhronn Giúdaigh a tháinig trasna na farraige go hÉirinn, bronntanas ar Rí na Mumhan, Toirdelbach Ua Briain, agus cuireadh iad ar ais arís thar farraige. Ba cheannaithe iad, is dócha, ón Normainn. Garmhac Bhrian Bóirmhe, a bhí tráth ina Ard-Rí na hÉireann, ab ea Toirdelbach. Níl aon tagairt bhreise aimsithe go dtí beagnach céad eile, le linn réimeas Anraí II Shasana. Chuir Anraí cosc ar thuras taiscéalaíochta go hÉíreann, toisc go raibh sé imníoch roimh bhunú ríocht neamhspleách ann. Chuaigh Strongbow áfach, d'ainneoin toil Anraí II, agus, mar thoradh air sin, bhí a eastáit coigistithe. Dealraíonn sé go bhfuair Strongbow cúnamh airgeadais ó Ghiúdach: mar tá an taifead seo, faoin dáta 1170, ar fáil ; "Josce Jew of Gloucester owes 100 shillings for an amerciament for the moneys which he lent to those who against the king's prohibition went over to Ireland".[1]

Faoin bhliain 1232, is dócha go raibh pobal Giúdach in Éirinn, mar gur dheonaigh Anraí III, ar an 28 Iúil, 1232 an oifig 'Cisteoir agus Seansailéir Státchiste na hÉireann' ar Pheadar de Rivel, calafoirt agus cósta an rí, agus freisin "the custody of the King's Judaism in Ireland". [2]

Tugann deontas seo an rí le fios freisin go mbeidh "all Jews in Ireland shall be intentive and respondent to Peter as their keeper in all things touching the king"[3] Bhí na Giúdaigh ina gcónaí san tréimhse seo is dócha in aice le Baile Átha Cliath.

Ins an Dublin White Book, sa bhliain 1241, tá deontas thalaimh ina bhfuil toirmisc éagsúla i gcoinne a dhíol nó a chóiriú ag an deontaí. Tugann an toirmeasc le fios go bhfuil "vel i ponere Judaismo". Sa "Calendar of Documents Relating to Ireland" tá Giúdaigh luaite don uair deireanach sa bhliain 1290. Nuair a díbireadh na Giúdaigh ó Shasana sa bhliain 1290, bhí, gan amhras, ar na Giúdaigh Éireannacha imeacht leo chomh maith.

Bunaíodh lonnaíocht bhuan na nGiúdach , áfach, sa 15ú haois. Tar éis a díbirt ón bPortaingéil, sa bhliain 1496, socraíodh roinnt Giúdach Marrano ar chósta theas na hÉireann. Toghadh duine acu, William Annyas mar Mhéara Eochaille, Contae Chorcaí, sa bhliain 1555. Toghadh feisin Francis Annyas (Ãnes) trí huaire mar Mhéara Eochaille, sna blianta 1569, 1576 agus 1581. Bunaíodh an chéad sionagóg in Éirinn, sa bhliain 1660, in aice le Caisleán Bhaile Átha Cliath, agus an chéad reilig Giúdach, go luath san 18ú haois déag, i bhFionn Radharc, dúiche de chuid Bhaile Átha Cliath, áit a raibh pobal beag Giúdach.

18ú agus 19ú haois[athraigh | edit source]

I mí na Nollag, sa bhliain 1714, d'eisigh an fealsúnaí Éireannach John Toland paimfléad dár teideal Reasons for Naturalizing the Jews in Great Britain and Ireland.[4][5] Sa bhliain 1746, tugadh isteach bille i dTeach na gComóntach"for naturalising persons professing the Jewish religion in Ireland".


Ba é seo an chéad tagairt do Ghiúdaigh i dTeach na gComóntach suas go dtí an uair seo. Tugadh isteach ceann eile i rith na bliana ina dhiaidh sin, aontaíodh ar an mbille gan leasú agus a cuireadh faoi bhráid an Tiarna Leifteanant é a tharchur chuig Sasana é, ach ní bhfuair sé riamh an tAontú Ríoga. Na billí Éireannacha seo, áfach, bhí toradh an-tábhachtach amháin leo; eadhon, bunú an Choiste Díchill, a bhí eagraithe ag Ghiúdaigh Briotanacha ag an am chun féachaint ar dul chun cinn an bhirt. Sé seo a spreag i ndeireadh na dála bunú na heagraíochta an eagraíocht, Bord na dTeachtaí, comhlacht tábhachtach a bhfuil i gcónaí ann. Leag an Irish Naturalisation Act of 1783 go sainráite nach ar son leas na nGiúdach a bhí an reachtaíocht. Cuireadh deireadh leis na díolúintí san Acht sa bhliain 1846. Leagadh síos go sonrach forálacha san Irish Marriage Act of 1844 do Dheasghnátha Phósta na nGiúdach. Tá Dónall Ó Conaill aithnidiúil mar cheannaire ar an bhfeachtas Fuascailt na gCaitliceach; thug sé tacaíocht freisin d'iarrachtaí den chineál céanna ar son na nGiúdach. Sa bhliain 1846, d'áitigh sé ar son agus d'éirigh leis aisghairme "De Judaismo", an dlí a leag síos cód feistis faoi leith do na Ghiúdaigh. Dúirt sé : "Ireland has claims on your ancient race, it is the only country that I know of unsullied by any one act of persecution of the Jews". Fuair na mílte Éireannach bás mar gheall ar ghorta agus ar ghalair le linn an Ghorta Mhóir. Chabhraigh agus d'eagraigh agus dheonaigh go flaithiúil a lán nGiúdach i leith faoiseamh Ghorta. Thug nuachtán Bhaile Átha Cliath le fios sa bhliain 1850, gur dheonaigh an Barún Lionel de Rothschild agus a theaghlach,

...contributed during the Irish famine of 1847 ... a sum far beyond the joint contributions of the Devonshires, and Herefords, Lansdownes, Fitzwilliams and Herberts, who annually drew so many times that amount from their Irish estates.[6]

Ba chónaitheoirí uirbeacha iad na Giúdagh Éireannacha, daoine gnó, lucht gairmiúla, ceannaithe-daoine a cheannaigh a gcuid bia in ionad é a fhás.

Sa bhliain 1874, toghadh Lewis Wormser Harris ina bhardasach, ar Bhardas Bhaile Átha Cliath don Bharda 'Duga Theas'. Dhá bhliain ina dhiaidh sin toghadh é mar Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath, ach fuair bás 1 Lúnasa, 1876 sular thóg sé a oifig nua.[7]

An fichiú haois[athraigh | edit source]

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. Frassetto, Michael (2006). "Christian attitudes toward the Jews in the Middle Ages": 178. CRC Press,. 
  2. Gifford,, Don; Robert J. Seidman (1989). "Ulysses annotated: notes for James Joyce's Ulysses": 40. University of California Press. 
  3. Duffy,, Seán; Ailbhe MacShamhráin, James Moynes (2005). "Medieval Ireland: an encyclopedia": 546. CRC Press. 
  4. Lurbe, Pierre (1999). "John Toland and the Naturalization of the Jews". Eighteenth-Century Ireland / Iris an dá chultúr 14: 37–48. Eighteenth-Century Ireland Society. 
  5. Toland, John (1714). "Reasons for naturalizing the Jews in Great Britain and Ireland": 77. Printed for J Roberts, London. 
  6. [1] Retrieved 5 December 2006.
  7. Lewis Wormser Harris 1998. Retrieved 5 September 2006.

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]