Stair na Polainne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é is brí le stair na Polainne ná an t-eolas atá ar fáil sna foinsí liteartha faoi shaol na Polainne fadó agus faoi na himeachtaí a chuir cor i gcinniúint a muintire.

Tháinig na treibheanna Slavacha go dtí limistéar na Polainne i mblianta Imirce Mhór na Náisiún, sna sálacha ag na Teotanaigh agus na Húnaigh a rinne spior spear d'Impireacht na hIar-Róimhe i dtús na Meánaoiseanna. Thosaigh an t-eagar ceart polaitiúil ag teacht ar an bPolainn sa deichiú haois, faoi stiúir an rítheaghlaigh atá ainmnithe as Piast, sinsear finscéalach na clainne nach raibh ann ar dtús ach treabhdóir bocht.

Rítheaghlach Piast[athraigh | edit source]

Carachtar finscéalach is ea é Piast, ach is é Mieszko a hAon an chéad rí de mhuintir Piast a bhfuil níos mó eolais ná finscéalta againn air. B'eisean thar aon duine eile a ghlac chuige an creideamh Críostaí, le go mbeadh sé sábháilte ó iarrachtaí na ríthe Críostaí a thír a ionsaí is a fhorghabháil. Phós sé banphrionsa Seiceach sa bhliain 965 le comhghuaillíocht a chur ar bun leis na Seicigh, a bhí ina gCríostaithe cheana faoin am seo, agus ba chuid den chonradh go rachadh Mieszko agus a mhuintir leis an gcreideamh nua anois.

An chéad Polannach a fuair faomhadh an Phápa is an Impire Naofa dá chorónú, b'é mac Mieszko é, Boleslaw Chrobry, - is é sin, Boleslas Cróga (967-1025). Bhí sé go tréan ag cur catha ar a chomharsana san oirthear lena thaispeáint chomh hionraic is a bhí sé faoin gcreideamh Críostaí - agus, ar ndóigh, le tuilleadh tailte agus géillsineach a bhaint amach dá thír. Thar aon rud eile, áfach, cuireadh ord agus eagar ar chúrsaí na hEaglaise lena linn. Bunaíodh deoisí nua agus ceapadh easpaig ar áiteanna ar nós Chracó. Rinneadh ceannchathair eaglasta na tíre de Gniezno, arbh í príomhchathair shaolta na tíre í freisin, an áit inar corónaíodh ríthe theaghlach Piast.

Boleslaw Chrobry

I ndiaidh bhás Bholeslas, thosaigh géarchéim agus idir-ríocht nár fuasclaíodh i gceart sular bhain Kazimierz Odnowiciel - Casimir Athnuaiteoir (1016-1058) - amach an ríchathaoir. Lena linn, bhí an tír á streachailt as a chéile ag cogaí agus ceannaircí áitiúla. Mar shampla, d'éirigh muintir na Mór-Pholainne (Wielkopolska) - an cúige in iarthar na tíre, ina bhfuil Gniezno suite - d'éirigh siad amach in aghaidh rítheaghlach Piast agus na Críostaíochta, agus an Phágántacht á hathbheochan acu. Sa chogadh a chuir Casimir ar na ceannairceoirí Págánta, fágadh Gniezno léirscriosta go hiomlán, agus dá dheasca sin, athraíodh ceannchathair na hEaglaise go Cracó. Sin é an fáth, go bunúsach, nach bhfuil in Gniezno, inniu féin, ach cathair bheag chúigiúil, agus Cracó ar an dara cathair is mó sa Pholainn.

I ndiaidh Casimir, b'é a mhac Boleslaw (Boleslas) II Smialy ("Misniúil"), nó Szczodry ("Flaithiúil"), nó Okrutny ("Cruálach"). Thacaigh Boleslas leis an bPápa Gréagóir VII i gcoinne an Impire sa chonspóid faoin insealbhú, ach ní fhágadh sé cead cearmansaíochta ag na heaspaig ina thír féin: chuir sé Stanislaw, easpag Chracó, chun báis toisc an mórtachas a bhí ag an easpag leis na huaisle a bhí ag déanamh uisce faoi thalamh in éadan an rí. Nuair a básaíodh an t-easpag, áfach, d'éirigh na heaspaig amach in aghaidh Bholeslas agus ruaig siad go dtí an Ungáir é sa bhliain 1076, áit a bhfuair sé bás cúig bliana ina dhiaidh sin.

B'é Wladyslaw (Ladislas) Herman, a dheartháir, a tháinig i gcomharbas ar Bholeslas, ach níor éirigh leis an tír a choinneáil le chéile, agus an réigiúnachas is na cogaí áitiúla ag bagairt ar an bPolainn. B'é a mhac, Boleslaw III Krzywousty (Boleslas Cambhéal) a shéalaigh an fhorbairt seo, nó bhí sé den tuairim gurbh é an leigheas ab fhearr ar na conspóidí comharbais i measc chlann mhac an rí ná an tír a dheighilt eatarthu ina bprionsachtaí beaga. Ar ndóigh, bhí baint nár bheag ag an bhforbairt seo le treisiú an fheodachais agus an réigiúnachais ar fud na hEorpa.

Bhí trioblóidí ag dul leis an réigiúnachas seo, ach b'í an trioblóid ba mhó acu ná an dóigh ar fháiltigh Konrad Mazowiecki (1188-1247), nó Conrad, prionsa na Masóive, isteach na Ridirí Teotanacha le cuidiú a fháil in aghaidh na bPágánach Baltach ón bPrúis a bhí ag bagairt ar a thír. Bhí na Ridirí seo araiciseach chun troda ar na Págánaigh, ar ndóigh, agus chuir siad na Prúsaigh Bhaltacha faoi chois in imeacht an chéad leathchéad bliain eile. Déanta na fírinne, bhí siad chomh héifeachtach san obair seo is go ndeachaigh teanga is cultúr na bPrúsach de dhroim an tsaoil, le géilleadh don Ghearmáinis agus do nósanna na nGearmánach. Feasta, thugtaí "na Prúsaigh" ar na Gearmánaigh a bhíodh ina gcónaí sna seantailte Prúsacha.

B'é an smaoineamh a bhí ag Conrad go gcabhródh na Ridirí leis fáil réitithe den bhagairt Phrúsach agus tír na bPrúsach a ghabháil don Pholainn. Ní dheachaigh na cúrsaí an bealach sin, áfach. Is é an rud a tharla ná gur bhunaigh na Ridirí stát dá gcuid féin sa Phrúis agus iad ag éirí níos bagraí ar an bPolainn ná mar a bhí na Págánaigh riamh. Is iomaí Polannach a bhí le hamaidí Chonrad a mhaslú sna blianta a bhí le teacht.

Nuair a bhítear ag trácht ar "naimhdeas oidhreachtúil na bPolannach is na nGearmánach", - mar a deir an nathán, jak swiat swiatem, nie bedzie Niemiec Polakowi bratem ("a fhad is a mhairfidh an saol ina shaol, ní bheidh an Gearmánach ina dheartháir ag an bPolannach") - is iad na ridirí seo, thar aon chineál "Gearmánaigh" eile, atá i gceist leis an "namhaid Ghearmánach". Leis an bhfírinne a dhéanamh, bhí caidreamh sách cáirdiúil ag an bPolainn agus ag na Polannaigh le go leor de na stáitíní agus na mionphrionsachtaí Gearmánacha agus a muintir, agus nuair a tosaíodh ar chathracha nua-aimseartha tráchtála a bhunú sa Pholainn sna Meánaoiseanna, bhí gá le ceardaithe agus le tráchtálaithe Gearmánacha chun cuma cheart a chur ar chúrsaí gnó agus eacnamaíochta sna cathracha seo, agus tháinig na mílte acu isteach freisin, gan mórán fadhbanna leis an muintir dhúchasach. Na seaniasachtaí Gearmáinise sa Pholainnis inniu, cosúil le handel ("tráchtáil"), ratusz ("bardas"), murarz ("brícléir, bríceadóir"), warsztat ("ceardlann, ceárta") agus araile, déanann siad fianaise le caidreamh nach raibh cogúil ar aon nós.

Casimir Mór[athraigh | edit source]

B'é an rí Kazimierz III Wielki (1310-1370), nó Casimir Mór, a chuir cuma cheart ar an bPolainn arís i ndiaidh na gcogaí cúigiúla. Thuill sé a leasainm ar níos mó ná aon bhealach amháin, nó bhí sé lán chomh héirimiúil ag cur cogaí agus ag tógáil is ag leasú an stáit is na sochaí. Corónaíodh ina rí é sa bhliain 1333, tar éis bhás a athara, Wladyslaw Lokietek (Ladislas ar Airde na hUillinne), a bhí díreach tar éis an Pholainn a athaontú. B'éigean dó ar dtús síocháin a shocrú le hEoin Lucsamburg, a bhí ina rí ar an tSeic ag an am, agus é ag iarraidh tuilleadh tailte a ghabháil ón bPolainn. D'fhéach sé freisin leis an gcoimhlint leis na Ridirí Teotanacha a thabhairt chun síochána le taidhleoireacht is le comhchainteanna. Sa bhliain 1340, áfach, phléasc cogadh amach idir an Pholainn agus na treibheacha Slavacha sa Rúitéin - is é sin, Úcráin an lae inniu. Mhair an chogaíocht i bhfad idir an dá thír, ach d'éirigh le Casimir cuid mhór tailte in iarthar na Rúitéine a fhorghabháil. B'ansin a thit cathair Lwów - L'viv (?????), as Úcráinis - leis an bPolainn, maille leis na ceantair ina timpeall. Siúd is go raibh an Úcráinis (nó na canúintí Slavacha Oirthearacha as ar fáisceadh an Úcráinis) riamh á labhairt faoin tuath thart ar an áit, d'iompaigh Lwów ina cathair Pholannach in imeacht na gcéadta bliain.

Kazimierz III Wielki

Rinne Casimir cuid mhaith leasuithe ar chóras riaracháin agus ar chúirteanna dlí na tíre. Thairis sin, threisigh sé an t-arm trí dhualgaisí nua cosanta agus earcaithe a chur i bhfeidhm ar na huaisle agus ar rialtais áitiúla na gcathrach. D'infheistigh sé cuid mhór de chiste an stáit in oibreacha foirgneoireachta leis na cathracha a dhaingniú. Bhunaigh sé Acadamh Chracó - Ollscoil Chracó inniu - in aithris ar ollscoileanna Bologna agus Padova san Iodáil. Deirtear go bhfuair sé an Pholainn roimhe ina tír adhmaid agus gur fhág sé tír chloiche ina dhiaidh. Cuid mhór de na seanfhoirgnimh is clúití sa Pholainn, baineann siad le tréimhse Chasimir.

Cé gur rí maith a bhí ann, mar Chasimir, níor éirigh na cúrsaí comharbais go rómhaith leis. Níor saolaíodh mac dó riamh, agus nuair a shíothlaigh sé sa bhliain 1370, thit a ríocht le Ludwik Wegierski nó Lajos Nagy - Laoiseach Mór, rí na hUngáire.

Tréimhse Anjou agus Jagiello[athraigh | edit source]

Ba de rítheaghlach Anjou é Laoiseach na hUngáire. Níor bhac sé mórán leis an bPolainn i gcomparáid leis an spéis a bhí aige ina thír féin, ach ar a laghad, d'fhéach sé chuige go dtitfeadh coróin na Polainne le bean dá chuid iníonacha. Nuair a bhásaigh Laoiseach sa bhliain 1382, níor theastaigh ó uaisle na Polainne go mairfeadh comhcheangal pearsanta na Polainne agus na hUngáire i bhfeidhm i ndiaidh bhás Laoisigh, agus mar sin, thug siad droim láimhe don bhean is sine acu, Máire. Ina hionad sin, ghlac siad chucu a deirfiúir óg, Jadwiga (Hedwig nó Hedwigis), nach raibh ach ina gearrchaile ocht mblian d'aois nuair a d'éag a hathair. Dhá bhliain i ndiaidh bhás Laoisigh, corónaíodh an cailín ina Rí ar an bPolainn. De réir na téarmaíocht a úsáideadh, ní banríon a bhí inti go hoifigiúil ach rí, Hedwigis Rex Poloniae seachas Hedwigis Regina Poloniae.

Ní díol éada a bhí inti, áfach. Nó bhí na Ridirí Teotanacha ag éirí bagrach ar an bPolainn arís, agus iad ag luí ar na Liotuánaigh chomh maith. Sa deireadh thiar thall, shocraigh uaisle an dá thír go bpósfadh Ard-Diúc na Liotuáine, Jogaila (Jagiello), - go bpósfadh sé Jadwiga agus go rachadh an dá thír le chéile. Ba chuid den chonradh é go rachadh tonn bhaiste ar an Ard-Diúc chomh maith lena mhuintir. Go dtí sin, ba thír Phágánta í an Liotuáin, rud a d'fhág gan chosaint ar ionsaithe na Ridirí í, ó bhí gach Pápa sásta a leithéid d'ionradh a fhaomhadh agus a bheannú. Ní bheadh an caoinchead céanna le fáil chomh réidh sin, dá rachadh na Liotuánaigh leis an gCríostaíocht. Mar sin a rinneadh, nó tháinig an pósadh i gcrích sa bhliain 1386. Baisteadh Jogaila ina Chríostaí, agus is é an t-ainm baiste a fuair sé ná Ladislas, nó Wladyslaw i bPolainnis an lae inniu. (Leagan Seicise é an leagan seo, áfach - Wlodzislaw an leagan dúchasach Polainnise den ainm, nach n-úsáidtear go rómhinic a thuilleadh.)

Cibé cé acu ainm a thugtaí ar Jogaila, fear fásta meánaosta de phór na bPágánach a bhí ann ar chuir a radharc féin eagla ar an gcailín. Nuair a pósadh iad, bhí seisean ag tarraingt go tiubh téirimeach ar an dá scór bliain d'aois, agus í féin ina puirtleog ghirsí dhá bhliain déag. Le sólás a lorg, chuaigh sí le caitheamh aimsire fónta: carthanas agus oideachas. Ní raibh fad saoil i ndán do Jadwiga, nó fuair sí bás den bhreoiteacht a tháinig uirthi i ndiaidh bhreith a céadghine sa bhliain 1399. Thiomnaigh sí a cuid saibhris d'Acadamh Chracó, agus dá bharr sin, fairsingíodh an tAcadamh agus rinneadh ollscoil de a ainmníodh as fear céile Jadwiga - Ollscoil Jagiello i gCracó, nó Uniwersytet Jagiellonski w Krakowie.

Aontas na Polainne is na Liotuáine[athraigh | edit source]

Nuair a phós Jagiello agus Jadwiga, chuir siad tús le haontas fadsaolach na Polainne - na "Corónach" (Korona), mar a thugtaí ar an leath Pholannach den tír dhúbailte - agus na Liotuáine - Rzeczpospolita Obojga Narodów, nó Poblacht an Dá Náisiún. Ar ndóigh, tá sé cineál neamhchruinn an focal mór sin rzeczpospolita a aistriú go Gaeilge mar phoblacht. Nó bíodh is go raibh cineál "daonlathas" i bhfeidhm ar feadh tamaill mhaith de stair na Polainne, ní raibh ach na huaisle i dteideal páirt a ghlacadh i gcúrsaí rialaithe na "poblachta". Ón taobh eile de, d'éirigh siad chomh láidir i gcumhacht, in imeacht aimsire, agus gur fhág siad an rialtóir ar an imeall.

Wladyslaw II Jagiello

Cuireadh an chéad bhun le forlámhas na n-uasal sa bhliain 1430 - nuair a bhí Wladyslaw II Jagiello ina rí i gcónaí - nuair a tugadh isteach an prionsabal ar a dtugtar as Laidin neminem captivabimus nisi iure victum, is é sin, "ní chaithfidh muid aon duine i dtóin an phríosúin gan bhreithiúnas ceart cúirte". Go bunúsach, is ionann seo agus an prionsabal habeas corpus. Pribhléid de chuid na n-uasal a bhí ann - níor fairsingíodh an prionsabal ar na buirgéisigh ach ag druidim le deireadh na hochtú haoise déag, go gairid sula ndeachaigh an chríochdheighilt ar an bPolainn.

Tá aithne go forleathan ar an dá phrionsabal úd eile liberum veto agus liberum conspiro ar a ndearctar go minic mar shamhailchomharthaí do dhúchas ainrialach na Polainne. Is é is brí le liberum veto ná ceart crosta gan srian: nuair a thagadh na huaisle i ndáil chomhairle ar an Sejm, ar phairlimint an chéad Rzeczpospolita, ní fhéadfaí dlí a reachtú ná cinneadh a ghlacadh, dá mbeadh freasúra ar bith - fiú freasúra aon duine amháin - ann. Maidir le liberum conspiro, cineál cead comhcheilge atá ann. Is é sin, más é an rún atá agat agus ag do chuid comhghuaillithe comhcheilg a chur ar bun le cur in aghaidh an rí, tá cead agaibh a leithéid de chomhcheilg - konfederacja nó comhcheangal an téarma Polainnise - a bhunú, ach é a dhéanamh go hoscailte bunreachtúil agus a fhoilsiú don tsaol mhór mar is cuí.

B'é ba chúis leis an gcineál seo ainrialachais ná an dóigh a raibh an Rzeczpospolita Obojga Narodów curtha i dtoll le chéile as réigiúin a raibh rialtas láidir áitiúil dá gcuid féin acu.Mar shampla, bhí sé de nós ag na ríthe Polannacha ar feadh i bhfad na Cosacaigh san Úcráin a áireamh mar ghéillsinigh Pholannacha agus dearcadh ar a gcuid tailte mar chúige Polannach, ach ó am go ham, d'éirídís amach in aghaidh na lárchumhachta le pribhléidí níos fearr a bhaint amach dóibh féin ón rí.

Críochdheighiltí na Polainne[athraigh | edit source]

In imeacht aimsire, fuair na Polannaigh iad féin i bponc idir na Prúsaigh, na hOstaraigh agus na Rúisigh. B'é droch-sheachthoradh an phrionsabail sin liberum veto ná go bhféadfadh na comharsana seo polaitíocht na Polainne a chur i bhfostú le síntiúis airgid chuig Feisirí aonair. De réir a chéile, d'éirigh leis na comharsana an-tionchar a fháil ar chúrsaí inmheánacha na tíre. Mar sin, d'fhéadfá a rá gurbh é Sár na Rúise a cheapadh ríthe na Polainne sa chéad leath den ochtú haois déag.

An Chéad Chríochdheighilt[athraigh | edit source]

Bhí na comharsana meáite ar reachtaíocht na Polainne a choinneáil gan athrú, ó b'í seanainriail na tíre ba mhó a chuidíodh leosan smacht a chur ar na Polannaigh. Nuair a thosaigh na Polannaigh, áfach, ar iarrachtaí leis an reachtaíocht a fheabhsú agus a leasú, shocraigh na comharsana lámh láidir a chur i bhfeidhm orthu. I bhFeabhra na bliana 1772, d'ionsaigh na comharsana an Pholainn, agus iad ag sealbhú na gcúigí ba chóngaraí dá dtíortha féin. Rinne na Polannaigh a ndicheall cur in aghaidh na n-ionsaitheoirí, ach sa deireadh thiar thall, cloíodh iad. Ní bhfuair achainí an Rí Stanislaus (Stanislaw August Poniatowski) freagra ar bith ó chumhachtaí an Iarthair. Mar sin, b'éigean dó agus dá chuid Feisirí a bhfaomhadh a thabhairt don Chéad Chríochdheighilt seo i Meán Fómhair na bliana 1773.

Rí Stanislaw August

An Dara Críochdheighilt[athraigh | edit source]

I ndiaidh an Chéad Chríochdheighilt, chrom na Polannaigh ar a gcóras polaitiúil a leasú chun an tír a dhéanamh níos láidre arís. As an obair seo a fáisceadh Bunreacht an Tríú Lá den Bhealtaine - is é sin, an bunreacht forásach, dul-chun-cinniúil a hachtaíodh ar an tríú lá de Mhí Bhealtaine, 1791. Bhí an bunreacht seo dírithe ar an gcuid ba díobhálaí de na pribhléidí a bhaint de na huaisle - liberum veto, ach go háirithe - agus an chuid eile a bhronnadh ar na buirgéisigh chomh maith leis na huaisle. Thairis sin, mhaolaigh an bunreacht ar chruachás na scológ a bhí faoi bhráca an tseirfeachais. B'é Bunreacht Stáit Aontaithe Mheiriceá a bhí mar réamhshampla ag na Polannaigh don bhunreacht s'acu féin.

Níor thaitin an bunreacht le cách sa Pholainn féin. Tháinig roinnt uaisle frithghníomhacha le chéile i gComhcheangal Targowica, agus d'iarr siad cabhair agus tarrtháil ar Chaitríona Mhór, Banimpire na Rúise. Ní raibh an dara cuireadh de dhíth uirthi siúd. Ar an tríú lá fichead d'Eanair den bhliain 1793, shocraigh Feardorcha (Friedrich) a Dó, rí na Prúise, agus Caitríona Mhór na Rúise faoi rún an Pholainn a ionsaí, agus lom díreach ina dhiaidh sin, chuaigh trúpaí na Rúise agus na Prúise isteach. An turas seo, ní raibh Máire Treasa na hOstaire ag glacadh páirt sa chríochdheighilt.

An Tríú Críochdheighilt[athraigh | edit source]

Tadeusz Kosciuszko

I ndiaidh an Dara Críochdheighilt, ní raibh muinín ar bith ag mionuaisle ag na Polannaigh as a Rí ná as móruaisle Chomhcheangal Targowica ach an oiread. Ar an dóú lá déag de Mhí na Márta 1794, d'éirigh siad amach faoi cheannas Tadeusz Kosciuszko, ar a ndearctar inniu mar laoch náisiúnta na Polainne. Ghnóthaigh na ceannairceoirí cupla cath ar dtús, ach ní raibh an lá leo i ndeireadh báire. Ar an gceathrú lá fichead de Mhí Dheireadh Fómhair 1795, shínigh Rí na Prúise agus Banimpirí na hOstaire agus na Rúise conradh a chuir neamhspleáchas na Polainne ar ceal go deifnideach. Thréig an Rí Stanislaw August an Pholainn agus chuaigh sé go dtí Cathair Pheadair, príomhchathair na Rúise, áit ar shíothlaigh mo dhuine sa bhliain 1798.

I ndiaidh an Tríú Críochdheighilt, chuaigh cuid mhór saighdiúirí Polannacha ar imirce go tíortha iartharacha, an Fhrainc ach go háirithe. D'fhéadfá a rá go raibh an imirce seo sách cosúil le hÉalú na nGéanna Fiaine ó Éirinn. Liostáil roinnt mhaith de na saighdiúirí seo in arm Napoleon, agus iad ag glacadh páirte ina chuid cogaí siúd le súil is go bhfaighfeadh an Pholainn a saoirse ar ais le cuidiú Napoleon. Chuir Napoleon ar bun sórt stáit sa chuid den Pholainn a thit leis an bPrúis sna críochdheighiltí, mar atá, Ard-Diúcacht Vársá. Níor mhair an stáitín seo ach ón mbliain 1807 go dtí an bhliain 1815, ná ní raibh ann riamh ach satailít de chuid na Fraince.

I ndiaidh Chomhdháil Vín[athraigh | edit source]

I ndiaidh Chomhdháil Vín, cóiríodh an chuid lárnach de na críocha Polannacha ina ríocht leathneamhspleách a raibh bunreacht agus cineál rialtas dúchais aici, mar atá, Ríocht na Polainne, Królestwo KongresoweKongresówka, mar a thugadh na Polannaigh uirthi - is é sin, Ríocht na Comhdhála. Bhí an ríocht in aontacht phearsanta leis an Rúis, rud a ghoill go mór ar na Polannaigh, agus cathracha tábhachtacha Polannacha taobh amuigh di. Bhí cathair Chracó ina stáitín neamhspleách, mar Rzeczpospolita Krakowska, is é sin, Poblacht Chracó. Ós rud é nach raibh sa phoblacht sin ach cathair aonair, bhí sé sodhéanta ar fad ag na comharsanaigh chumhachtacha droichead a dhéanamh de neamhspleáchas na poblachta, nuair a tháinig orthu. Bhí Poznan ina cathair Phrúiseach anois, agus Posen mar ainm uirthi go hoifigiúil, nó b'í an Ghearmáinis an teanga oifigiúil in "Ard-Diúcacht Posen". Maidir le Lwów, thugtaí Lemberg uirthi anois, agus í mar phríomhchathair do Ríocht na Gailise agus na Lodaiméire, Königreich Galizien und Lodomerien as Gearmáinis. Bhí an ríocht seo - an Ghailis - ina cuid den Impireacht Ostarach-Ungárach, agus sórt rialtas dúchais aici a chuir ar chumas na n-uasal áitiúil Polannach a gcearta teanga a chur chun cinn. hAinmníodh an ríocht as an dá chathair úd Halicz agus Wlodzimierz-Wolynski, ach, greannmhar go leor, bhí an dara ceann acu sealbhaithe ag an Rúis!

Ard-Diúcacht Posen[athraigh | edit source]

B'í Ard-Diúcacht Posen an chuid den Pholainn a raibh an Phrúis ina seilbh. Sa chéad tréimhse, bhí na húdaráis Phrúiseacha sách caoinfhulangach i leith na bPolannach agus a dteanga, ach nuair a d'éirigh Polannaigh Ríocht na Comhdhála amach in aghaidh an Impire Rúisigh sa bhliain 1830, tháinig malairt polasaí i bhfeidhm sa Phrúis féin. Ruaigeadh na Polannaigh as an gcóras riaracháin, agus rinneadh iarrachtaí a dteanga a chur faoi chois. Mhaolaigh ar an bpolasaí i ndiaidh deich mblian, ach má mhaolaigh féin, tháinig péindlíthe úra i bhfeidhm tar éis na ceannairce uile-Pholannaí sa bhliain 1846 agus na dtrioblóidí réabhlóideacha ar fud na hEorpa sa bhliain 1848 ("bliain mire na hEorpa", no "Earrach na Náisiún"). De dheasca na ceannairceoireachta, chaill an cúige stádas na hArd-Diúcachta, agus ní raibh ann feasta ach cúige, Provinz as Gearmáinis.

Sna hochtóidí a rinneadh iarracht nua dhíograiseach leis an teanga a chur de dhroim an tsaoil sa chúige. An turas seo, b'é an Kulturkampf ba chúis leis. Is é is brí leis an bhfocal mór Gearmáinise sin Kulturkampf ná cath na gcultúr. B'é sin an t-ainm a bhí ag an Seansailéir Otto von Bismarck ar an bhfeachtas in aghaidh an Chaitliceachais a bhí idir lámhaibh aige ó na seachtóidí anuas. Is é sin, nuair a thosaigh an feachtas, bhí sé dírithe ar iarsmaí an Chaitliceachais a ruaigeadh as an bPrúis, ach ó ba rud é gurbh iad na críocha ba mhó Polainnise an chuid ba mhó Caitliceachais sa stát, is dócha nach raibh sé le seachaint go gcuirfí an cath céanna ar an bPolainnis mar theanga sa deireadh.

Ní raibh mórán ratha ar an gcath seo sa deireadh thiar thall. Nó ní dhearna sé ach coimhthíos a chur ar na Polannaigh roimh an stát Prúiseach agus iad a spreagadh chun troda agus scliúchais le cearta teanga a chosaint. Beag beann ar na péindlíthe, tháinig gluaiseacht náisiúnaíoch na bPolannach go mór mór chun cinn i gcúige Posen. I ndeireadh na bliana 1918, agus greim na Gearmáine á scaoileadh den chúige, d'éirigh muintir na Mór-Pholainne - mar a thugtar ar chúige Poznan as Polainnis - d'éirigh siad amach in aghaidh na Prúise, agus cuireadh a gcuid tailte le Poblacht nua na Polainne.

An Ghailis[athraigh | edit source]

Níorbh ionann cás Poznan agus cás na Gailise, áfach. Sa Phrúis, b'iad na feirmeoirí agus muintir na tuaithe a bhí chun tosaigh i ngluaiseacht náisiúnaíoch na bPolannach. San Ostair, áfach, b'uaisle iad na Polannaigh, agus iad ag rialú scológa bochta Giúdacha nó Úcráineacha.

Bhí Ríocht na Gailise is na Lodaiméire ar ceann de na cúigí ba bhoichte san Ostair. Ba nós le muintir na ríochta Królestwo Golicji i Glodomerii a thabhairt uirthi in áit Królestwo Galicji i Lodomerii - is é sin, Ríocht na Loime is an Ocrais (glód an focal Polainnise a chiallaíonn "ocras", agus "lomnocht" is brí le goly). Bhí tearmann agus dídean ann do radacaigh na dtailte Polannacha eile, uaireanta, ach b'é ba phríomhchúis leis ná go raibh an Ghailis chomh tearcfhorbartha is nach gcuirfeadh bochtáin an réigiúin féin mórán suime, abair, i mbolscaireacht Shóisialach. Ní raibh an Sóisialachas ag baint le fíor-fhadhbanna sóisialta na Gailise mórán, nó bhí an tionsclaíocht chomh gann sa réigiún agus nach rithfeadh le haon duine "caipitlíochas" a mhilleánú faoin gcruatán. Is é sin, bhí an feodachas i bhfad ní ba mheasa.

Sa bhliain 1846, d'fhorghabh na hOstaraigh Cracó, a bhí ina Poblacht neamhspleách go dtí sin. Cuireadh an chathair leis an nGailis.

Nuair a bhris arm na Prúise an cath ar na hOstaraigh ag Königgrätz (inniu, Hradec Králové sa tSeic) sa bhliain 1866, fuair an tImpire Ostarach riachtanach leasuithe a chur i bhfeidhm ar an gcóras polaitiúil le dílseacht na mionlach náisiúnta a chinntiú don choróin. B'é an toradh ba tábhachtaí don Ausgleich seo, mar a thugtaí air (focal Gearmáinise é a chiallaíonn comhghéilleadh nó cothromú) gur bhain uaisle na hUngáire rialtas láidir dúchais amach dá leath féin den impireacht Hapsburgach, mar atá, Ríocht na hUngáire. Sa teagmháil chéanna, d'éirigh le Polannaigh na Gailise córas polaitiúil a réigiúin féin a athrú. Bronnadh tuilleadh cumhachtaí ar Dháil réigiúnda na Gailise, nó Sejm, agus d'fhorbair scoil áitiúil d'intleachtóirí coimeádacha a roghnaigh dílseacht don Impire thar sheancheannairceoireacht na bPolannach.

"Kongresówka"[athraigh | edit source]

Adam Jerzy Czartoryski

Is é is brí le Kongresówka ná déantús na Comhdhála, is é sin, an ríocht a bunaíodh thart ar Vársá i ndiaidh Chomhdháil Vín. Bhí an ríocht seo thart ar 127 000 ciliméadar cearnach ar achar, nó an t-ochtú cuid de shean-Phoblacht an Dá Náisiún, agus is é an daonra a bhí ann ná dhá go leith milliún - nó an ceathrú cuid de mhuintir na seanríochta.

B'é Adam Jerzy Czartoryski a chuir bun le Ríocht na Comhdhála mar stáitín. Polannach ab ea é Czartoryski, ach nuair a fuair sé é féin cimithe ag na Rúisigh, i ndiaidh an tríú críochdheighilt, chuaigh sé ag déanamh seirbhíse don Rúis, agus sa deireadh thiar thall, d'iompaigh sé ina pholaiteoir Rúiseach. D'fhéadfá a rá go raibh sé ag déanamh chúis an Aire Gnóthaí Eachtracha don Rúis Impiriúil nuair a bhí Comhdháil Vín ar siúl. Theastaigh ó Czartoryski an Pholainn a athbheochan mar chomhghuaillí de chuid na Rúise, i gcruth is go bhféadfadh a mhuintir a dteanga is a nósanna féin a chleachtadh gan cur isteach ar an Sár.

Níor éirigh an t-éacht leis ach go lagmheasartha. Go bunúsach, bhí rialtas dúchais ag na Polannaigh faoi fhorlámhas an Impire Rúisigh, agus srianta bunreachtúla curtha le cumhacht an tSáir. I dtús báire, corónaíodh Alastair a hAon mar rí ar an bPolainn, agus é ag gealladh go dtabharfadh sé urraim cheart do dhlíthe na ríochta. Go praiticiúil, áfach, d'fhág an tImpire an tír faoi chomandracht dhian an Ard-Diúic Constaintín mac Phóil (Konstantin Pavlovitch), agus nuair a fuair Alastair bás, tháinig Nioclás a hAon i gcomharbas air - anlaith uafásach a raibh fuath na ndaol aige ar an bhfocal féin "bunreacht".

Ní raibh Nioclás agus na Polannaigh in ann treabhadh le chéile, ní nárbh ionadh, agus an dearcadh seo ag an Impire nua ar chearta na Polainne. I Mí na Samhna 1830, d'éirigh na Polannaigh amach in aghaidh an tSáir - b'é seo Éirí Amach na Samhna, nó Powstanie Listopadowe. Cloíodh frithbheartaíocht na bPolannach le lámh láidir agus cuireadh rialtas dúchais na Polainne ar ceal. Sna blianta i ndiaidh an éirí amach, d'imigh forais sóisialta na Polainne, ar nós Bhanc na Polainne, de dhroim an tsaoil ceann i ndiaidh a chéile, siúd is nár cuireadh deireadh le Ríocht na Polainne ach i ndiaidh éirí amach eile, mar atá, Éirí Amach Mhí Eanáir, sna blianta 1863-1865. Thóg sé dhá bhliain ar shaighdiúirí an Impire na ceannairceoirí a smachtú an turas seo, nó cé nár éirigh leis na Polannaigh aon dúnfort nó bunáit mhíleata de chuid na Rúiseach a shealbhú, bhí siad in ann na Rúisigh a choinneáil sáite sa chogadh leis an treallchogaíocht a bhí ar siúl acu.

Józef Pilsudski

Aiséirí na Polainne[athraigh | edit source]

I dtús an Chéad Chogadh Domhanda, bhí na Gearmánaigh agus na hOstaraigh in ann an-ascnamh a dhéanamh ar an bhfronta thoir agus na Rúisigh a ruaigeadh rompu as an gcuid is mó den Pholainn. Ansin, i Mí na Samhna den bhliain 1916, hathbhunaíodh an Pholainn mar stát satailíteach don Ghearmáin, agus sórt rialtais - nó comhairle shealadach rialtais, Rada Regencyjna - i gceannas ar an tír. Nuair a chúlaigh na saighdiúirí Gearmánacha ar ais ón bPolainn i Mí Dheireadh Fómhair den bhliain 1918, d'fhógair an Rada Regencyjna go raibh sí dírithe ar neamhspleáchas a bhaint amach don tír. I dtús báire, ní raibh na Polannaigh in ann aontú le chéile faoin rialtas, agus bhí cogadh cathartha idir na buirgéisigh agus na Sóisialaithe ag bagairt, nuair a bhunaigh an eite chlé rialtas Sóivéadach dá chuid féin. I dtús na bliana 1919, áfach, tháinig an Marascal Józef Pilsudski go Vársá, agus na Gearmánaigh díreach tar éis é a scaoileadh saor as príosún Magdeburg. Ós rud é go raibh dintiúirí gan cháim ag Pilsudski mar náisiúnaí agus mar Shóisialaí, óna laethanta mar ghníomhaí de chuid an fhreasúra rúnda sa Pholainn Rúiseach, bhí sé in ann tacaíocht na sluaite móra a fháil, agus b'é deireadh an scéil gur bronnadh cumhachtaí an deachtóra air, a bheag nó a mhór.

Sna blianta 1919-1922, chuir na Polannaigh cogadh i ndiaidh cogaidh lena gcuid tailte a aontú agus an tír a chur i dtoll le chéile arís. I ndeireadh na bliana 1918, d'fhág muintir Poznan agus an chúige timpeall na cathrach - Wielkopolska, nó an Mhór-Pholainn - slán ag na Gearmánaigh leis an éirí amach ar a dtugann na Polannaigh Powstanie Wielkopolskie, nó Éirí Amach na Mór-Pholainne. Shocraigh Conradh Versailles teorainneacha na Polainne is na Gearmáine i réigiún na Bailte, ach is iomaí ceist nár fuasclaíodh go fóill. Rinneadh saorchathair neamhspleách de Danzig (Gdansk), cathair cois farraige a bhí ceangailte den Pholainn agus den Ghearmáin araon. Roinn Sasana agus an Fhrainc an tSiléis, ceantar tionsclaíoch in Iarthar na Polainne, idir an Pholainn agus an Ghearmáin, ach ní raibh na náisiúnaithe Polannacha áitiúla sásta leis an roinnt a rinne na cumhachtaí Iartharacha ar an gcúige, agus d'éirigh siad amach cupla uair le teacht slán ón nGearmáin.

Bhí an teorainn idir an Ghearmáin agus an Pholainn chomh fada agus chomh casta is go raibh dlúth-chomhchabhair an dá thír ag teastáil le go bhféadfaí na fadhbanna críochadóireachta ar fad a réiteach. Mar is eol dúinn ón stair, níor éirigh leis an gcomhchabhair sin go rómhaith, agus an oiread naimhdis is a bhí ag an dá thír dá chéile, agus bhí Hitler lena úsáid féin a bhaint as na fadhbanna sin. Thóg sé na blianta fada ar na Polannaigh, freisin, na hiar-chúigí Prúiseacha a aontú leis an gcuid eile den Pholainn, agus bhí córas riaracháin ar leith ag freastal orthu go dtí an bhliain 1923.

Maidir le teorainneacha na Polainne san oirthear, b'í an ghleic armtha a shocraigh iad. Nuair a bhí an cogadh cathartha ag cur i dtíortha sa Rúis i ndiaidh na réabhlóide, chreid Pilsudski go bhféadfadh sé iomlán na dtailte a bhain leis an bPolainn roimh na críochdheighiltí a athghabháil. B'ionann sin agus an Liotuáin, an Úcráin, agus an Bhealarúis, go bunúsach. B'é oighear an scéil, áfach, go raibh náisiúnachas agus gluaiseachtaí neamhspleáchais dá gcuid féin ag na tíortha seo san am, agus ní bheidís sásta le coimirceas na Polainne mar mhalairt ar an neamhspleáchas. Na comhchainteanna a tosaíodh le Miedzymorze nó comhghuaillíocht na dtíortha iar-Pholannacha faoi cheannas na Polainne a shroichfeadh ón Muir Bhailt go dtí an Mhuir Dhubh a chur ar bun, níor éirigh leo, agus sa deireadh thiar, bhí na Polannaigh ag cur cogaidh ar an Liotuáin, ar an Úcráin, agus ar an Rúis Shóivéadach faoi Léinín. Bhí Léinín féin den bharúil gur chóir an Pholainn a chloí le go bhféadfadh na fórsaí Rúiseacha réabhlóid a thosú i gcroílár na hEorpa, sa Ghearmáin ach go háirithe, ó bhí prólatáireacht mhór ansin, agus an oiread sin tionsclaíochta ann.