Stair iarnróid na hÉireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tháinig na hiarnróid go luath go hÉireann, de bharr tionchar na Breataine in Éireann ag an am. Sin an tír inar thosaigh an chéad iarnród ar domhan i 1825. Níos lú ná deich mbliana ina dhiaidh sin, d'oscail an chéad iarnród in Éirinn i 1834. I 1920 bhí na hiarnróid go forleathan in Éireann, le 5,470 km (3,400 míle) de bhealaí ar an oileán. Tá níos lú ná leath den mhéad sin ann inniu, le easpa mór iarnróid in aice na teorann idir an Tuaisceart agus an Phoblacht.

Traein aonráille i gContae Chiarraí

Tógáil na príomhlínte[athraigh | edit source]

I 1834, osclaíodh an chéad iarnród in Éirinn, an "Dublin & Kingstown Railway" (D&KR) idir Baile Átha Cliath agus Dún Laoghaire (mar a thugtar inniu air).

Sa tuaisceart a cuireadh tús leis an gcéad scéim eile, an "Ulster Railway" (UR). Bhí sé ar intinn ag an gcomhlacht seo Béal Feirste a cheangal le hArd Mhacha. Bhí traenacha acusan idir Béal Feirste agus Phort an Dúnáin nuair a tosaíodh bealach eile sa deisceart.

In 1844, cuireadh tús le seirbhís nua ó Bhaile Átha Cliath go Droichead Átha ("Dublin & Drogheda Railway", D&DR). Bhí conspóid ag an am seo faoin mbealach ó Bhaile Átha Cliath go Béal Feirste. Sa tuaisceart bhí fonn bealach imtíre a thógáil, ach sa deisceart bhí sé ar intinn ag na comhlachtaí bealach cois farraige a dhéanamh, chun ceangal a dhéanamh le Dún Dealgan.

Bhí difríocht freisin faoi leithead na bearnan idir ráillí an iarnróid; bhí sé troighe, dhá orlach ag an UR, cúig troighe, dhá orlach ag an D&DR, agus ceithre troighe, ocht n-orlaí go leith ag an D&KR. Sa deireadh, shocraigh coimisiún ar chaighdeán nua, cúig troighe trí horlaí, nó 1600 mm, mar atá inniu againn. Ag an am sin, áfach, b'ait an socrú é, mar ní raibh aon chomhlacht ag úsáid an tomhais sin. Fiú amháin inniu, níl ach tír nó dhó ag úsáid an chaighdeáin seo! Bhí costas mór ar an UR leis an aistriú.

Ag an am sin, ag tosach an Ghorta Mhóir, cuireadh tús le ceann de na hiarnróid is tábhachtaí in Éirinn, an "Great Southern & Western Railway" (GS&WR) idir Baile Átha Cliath agus Corcaigh. Ar dtús, osclaíodh iarnród go Ceatharlach. An bhliain dár gcionn, bhí Tiobraid Árann sroichte acu, ag ceangal le hiarnród nua eile, an "Waterford & Limerick". Cuireadh tús freisin le hiarnród nua go dtí an tIarthar, leis an "Midland Great Western Railway" ag oscailt bealach idir Baile Átha Cliath agus an Muileann gCearr.

Faoin am sin, bhí an t-iarnród sa tuaisceart ceangailte le hArd Mhacha. Bhí iarnród eile chomh maith, an "Dublin & Belfast Junction Railway" (D&BJR) ó thuaisceart Dhroichead Átha agus trí Dhún Dealgan. Bhí siad le ceangail leis an UR ag Port an Dúnáin.

I míle ocht gcéad daichead a naoi d'oscail an GS&WR an tseirbhís go Magh Ealla Lá Fhéile Pádraig. Sa mbliain chéanna, tháinig an t-iarnród go Corcaigh.

Dhá bhliain ina dhiaidh sin, osclaíodh an MGWR idir Baile Átha Cliath agus Gaillimh. Ina dhiaidh sin, d'oscail siad iarnród eile go Sligeach.

Cruthaíodh a lán iarnród eile timpeall na tíre. Bhí a gcórais féin ag contaetha Chorcaí, Dún na nGall, an Chlár - chomh maith le roinnt iarnród i gContae Chiarraí agus cois teorann. I 1920 bhí na hiarnróid go forleathan, le 5,470 km (3,400 míle) de bhealaí san oileán.

I rith na dTrioblóidí[athraigh | edit source]

I 1922, cruthaíodh Saorstát Éireann. Níor tháinig trioblóidí móra ar na hiarnróid leis na héirithe amach roimhe sin. Ach i rith an Chogaidh Cathartha, rinneadh damáiste mór do na hiarnród. Scriosadh an droichead mór ag Magh Ealla.

Cuireadh le chéile na comhlachtaí a bhí sa Stáit, ag cruthú "Great Southern Railways" i 1925.

I rith an Dara Chogaidh Domhanda, bhí deacrachtaí móra ag na hiarnróid in Éireann. Bhí an tír neodrach sa cogadh, agus mar sin, ní raibh gual sa bhreis ag an mBreatain d'Éireann. Dá bhrí sin, cuireadh as seirbhís a lán traenacha sa tír seo, agus dúnadh seirbhísí áirithe ar feadh cúpla bliain, nó ar fad.

Tar éis an chogaidh, bhí eacnamaíocht na tíre seo go holc. Ní raibh airgead ann do na hiarnród, bhí na traenacha an-sean agus bhí easpa cothaithe ann freisin. Ní raibh go leor paisinéirí , nó bhí siad ag fágáil na tíre seo go hiomlán. Bhí trácht lasta ag laghdú. Ag an am céanna, bhí níos mó tráchta ag aistriú go dtí na bóithre.

Na bpríomh-líonraí inniu

Dúnadh i ndiaidh dúnadh[athraigh | edit source]

I 1940 a cúig cruthaíodh Córas Iompair Éireann (CIÉ). Fuair siad seacht milliún punt, go leor chun an córas a choimeád ar oscailt. Bhí siad ábalta traenacha díosail nua a cheannach. Tháinig na céad "railcars" nua i 1951, agus na céad cinn de ceád traenacha díosail ceithre bhliain ina dhiaidh sin.

In ainneoin na bhfeithicil nua seo, dúnadh cuid mór de na hiarnróid i rithna gcaogaidí. Cuireadh deireadh le seirbhísí in iarthar Chorcaí, iarthar an Chláir, Contae Dhún na nGall agus ina lán iarnróid beaga timpeall na tíre.

Sa Tuaisceart, bhí údarás nua ann, an "Ulster Transport Authority" a tháinig i 1948. I gcaitheamh dhá bhliain dhún siad córas mór iarnróid i gContae an Dún. I 1957, cuireadh deireadh le seirbhísí a bhí ag rith trasna na teorann idir an Tuaisceart agus an Phoblacht. Ní raibh rogha ag CIÉ ansin ach fuíoll na mbealaí sin sa Phoblacht a dhúnadh. Sa chaoi seo, chaill réigiún na teorann gach nasc leis na hiarnróid sa Tuaisceart agus sa Deisceart.

An bhliain i ndiaidh na scriosa seo, briseadh suas an "Great Northern Railway" (a bhí saothrú na bealaí idir Baile Átha Cliath agus Béal Feirste) idir an UTA sa tuaisceart agus CIÉ sa deisceart.

Ní raibh an UTA nó an rialtas sa Tuaisceart sásta le himeacht bealaí na teorann. I 1965, dhún siad an chuid is mó den iarnród sa tuaisceart. Ní raibh fágtha ach an bealach go Baile Átha Cliath, ceann amháin go Doire agus dhá líne bheag go Latharna agus Beannchar.

Tréimhse mall[athraigh | edit source]

I rith na seachtóidí agus na hochtóidí níor caitheadh mórán airgid ar na hiarnróid, ach amháin ar an DART. Ní raibh na traenacha róshean, agus de bharr dúnadh na líne beaga, bhí go leor traenacha ann do na seirbhísí. Ach arís, mar a tharla sna daicheadaí bhí easpa cothaithe, bhí na seirbhísí mall agus gan cháilíocht.

Rud iontach don príomhchathair ag an am sin a bhí sa DART ("Dublin Area Rapid Transit"). Cuireadh tús le seirbhísí maithe le traenacha leictreacha nua ar an líne tuaisceart/deisceart isteach sa cathair. Bhí sé ar intinn seirbhísí eile a thosnú go dtí iarthuaisceart agus iardheisceart na cathrach, ach ní raibh an airgead ag an rialtas é seo a dhéanamh. Ní raibh airgead acu traenacha breise a cheannach, fiú amháin nuair a d'éirigh go maith leis an seirbhís.

Sa tréimhse seo, níor tháinig aon fheabhsú ar chaighdeán na línte timpeall na tíre, agus bhí caighdeán an-olc acu, fiú amháin contúirteach ag deireadh na hochtóidí. Cheannaigh an rialtas roinnt carráistí do na seirbhísí idirchathrach sa tréimhse seo chomh maith, ach go dtí seo, is iad seo na cinn is nua sa tír seachas ar an bealach idir Baile Átha Cliath agus Béal Feirste. Scoilt an stát CIÉ, ionnas go raibh dhá chomhlacht nua iompair náisiúnta, Bus Éireann agus Iarnród Éireann (IÉ) anois sa tír.

Athbheocháint na niarnród[athraigh | edit source]

Inneall gluaiste díosail (CIE) 2007

Sna nóchaidí tháinig athrú mór ar eacnamaíocht na tíre. Bhí deis ag an rialtas feabhsú mór a dhéanamh ar na hiarnróid. Ceannaíodh 34 traein nua ó "General Motors" sna Stáit Aontaithe - bhí ceithre chinn do Northern Ireland Railways agus na cinn eile i gcomhair Iarnród Éireann. Tháinig carráistí nua i gcomhair an seirbhís "Enterprise" idir Baile Átha Cliath agus Béal Feirste chomh maith. Cuireadh ráillí nua síos chomh maith; níor chríochnaigh an scéim seo, a thosaigh i lár na nóchaidí go dtí an bliain seo.

Cuireadh tús chomh maith lena lán seirbhísí nua ón bpríomhchathair go dtí imeall an réigiúin, mar shampla, go Cill Dara agus go Droichead Átha. Baineadh úsáid as "railcars" nua, mar a thugtar orthu. Tá na "railcars" seo fós á gceannach ag IÉ; fuair siad ochtú cinn nua an bliain seo. Cuireadh i seirbhís a lán carráistí DART nua freisin ó thosach na mílaoise.

Sa Tuaisceart chomh maith, tá "railcars" nua á bhfáil acu, agus rinneadh feabhsú ar chaighdeán a gcuid línte. Tá a lán deacrachtaí ann fós áfach; tá caighdeán an-íseal ar chuid den líne go Doire, ar an líne aduaidh ó Chúil Raithin. Tá uimhir na bpaisinéir ar an seirbhís lag seo an-íseal chomh maith, agus dá bhrí sin níl todhchaí na bealaí seo cinnte.