Staidéar cohóirt

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Modh eolaíoch a úsáidtear i gcúrsaí leighis chun cúis galair a dhéanamh amach. Déantar staidéar ar dhíorma daoine a nochtadh d'fhachtóir a mheastar a bheith amhrasach. Rianaítear iad thar am, agus déantar comparáid le díorma inchurtha nár nochtadh dó, féacaint an bhfuil difríocht staitistiúil idir na codáin den dá dhíorma a tholg an galar atá faoi scrúdú. Mar shampla, i staidéir mar seo fuarthas gur tharla rátaí ailse na scamhóg níos airde i measc caiteoirí toitíní.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Staidéar cohóirt". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 623.