Stadaireacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Neamhord aclaíochta sa chaint. Bíonn deacracht ag duine rithim is tomhas ama a chuid cainte a rialú, agus teipeann air scéal a riaradh ar dhaoine eile go héasca tapa leanúnach. Uaireanta athdheireann sé fuaimeanna go neamhghnách, fadaíonn iad, nó teipeann air iad a fhuascailt. Síneann an neamhord ó éadrom go dian. Ní fios cad is cúis leis, ach meastar go mbíonn fachtóirí géiniteacha, fiseolaíocha is síceolaíocha san áireamh. Úsáidtear modhanna éagsúla teiripe urlabhra, ina measc teicníochtaí nua cainte a mhúineadh, feistí leictreonacha fuaimiúla a chaitheamh chun cabhrú le caint leanúnach, agus traenáil i ndearcadh nua chun páirt a ghlacadh i gcomhluadar cainte.